Dírím aird an Teachta ar an ráiteas uaim sa dhíospóireacht ar an Athló sa Dail ar an Déardaoin seo caite, 29 Eanáir, nuair a bhí athstruchtúrú ghnó Ruibéar Mótair Teo á phlé. Is cúis mhór dhíoma dom go bhfuil gá le laghdú mór san fhostaíocht sa chomhlacht sin, gur cailleadh poist i BMR Teo agus gur dúnadh Europlast Teo le caillteanas post ann.
Freisin go leanfaidh Údarás na Gaeltachta lena chuid iarrachtaí chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i gceantar Ghaoth Dobhair agus sa cheantar máguaird do na daoine a chaill nó a chaillfidh poist sna gnóthais is ábhar don cheist agus do na daoine eile sa cheantar atá ag lorg fostaíochta. I dtaca leis sin de ní mór tagairt a dhéanamh don dea-scéal go mbeidh tograí áirithe atá ceadaithe cheana féin do cheantar Ghaoth Dobhair ag teacht chun cinn i rith 1998 le fostaíocht bhreise shuntasach sa treis iontu. Faoi mar is eol don Teachta, ní foláir, tá togra nua aimsithe ag an Údarás chun dul i mbun trádála i rith na míosa seo in áit Europlast Teo agus tuigim go bhfuil sprioc fostaíochta de 29 bpost i gceist. Chomh maith leis sin tá tograí eile ceadaithe ag an Údarás a chuirfidh timpeall 150 post ar fáil i nGaeltacht Ghaoth Dobhair ach iad a bheith faoi lánseol.