Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 Feb 1998

Vol. 487 No. 6

Written Answers - Udarás na Gaeltachta.

Eamon Gilmore

Question:

274 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an caiteachas airgid a bhí ag Údarás na Gaeltachta sna contaethe seo a leanas: Dún na nGall, Maigh Eo, Gaillimh, Ciarraí, Corcaigh, Port Láirge agus an Mhí i ngach bliain de na blianta 1988 go 1997 agus an féidir an daonra Gaeltachta a lua i ngach cás chun coibhneas an chaiteachais le daonra a léiriú. [4613/98]

Foilsítear eolas faoi dheontais a íoctar le gnóthais ar leith in aon bhliain ar leith de réir Contaetha Gaeltachta i dTuarascálacha Bliantúla Údarás na Gaeltachta. Tugtar sonraí freisin sna Tuarascálacha sin faoin gcaiteachas iomlán sa Ghaeltacht ag an Údarás ar scaireanna agus ar thógáil in aon bhliain ar leith. Ní dhéantar an caiteachas bhliantúil ar scaireanna agus ar thógáil a bhriseadh síos de réir Contaetha sna Tuarascálacha sin.

Tá staitisticí maidir le daonra na gContaetha Gaeltachta éagsúla le fáil in Imleabhar 1 (Tábla 10) de Dhaonáireamh 1996 arna fhoilsiú ag an bPríomhoifig Staidrimh.

Top
Share