Caithfidh mé a rá go bhfuil áiféala orm nár chuir an Teachta ceist níos soiléire orm mar bheadh níos mó ná áthas orm eolas cruinn a thabhairt dó ar na ceisteanna éáagsúla a thóg sé. Go ginearálta is féidir liom a rá go bhfuil airgead substaintiúil á thabhairt ag an Roinn don Údarás i mbliana agus i measc an ghnótha atá ar bun ag an Údarás tá na rudaí a leag mé amach, sé sin forbairt ar chúrsaí teicneolaíochta sa nGaeltacht. Tá mé in ann a dheimhniú dó freisin go bhfuil clár caipitil an Údaráis don bhliain seo á meas ag an Údarás i láthair na huaire agus beidh cinní á dhéanamh faoi sin go fíor ghairid. Maidir leis an dá cheist sonrach a chuir tú orm, maidir le tuarascáil an ESRI, níl mé in ann freagra a thabhairt ar sin inniu. Dá gcuirfí ceist síos bheadh an t-eolas sin agam. Caithfidh mé a rá nach bhfuil an t-eolas faoi mo láimh agam agus cuirfidh mé tuairisc air agus cuirfidh mé freagra díreach ar aghaidh go dtí an Teachta. Tá súil agam go bhfreagróidh sé sin an cheist sin.
Maidir le fórsa saothair sa nGaeltacht, mar is eol don Teachta ón am go raibh sé ina Aire Stáit bíonn obair leanúnach ar bun ag an Údarás ag déanamh scrúdú ar an bhfórsa saothair atá ar fáil.
Freisin, ar ndóigh, bíonn an Ghaeltacht mar chuid de na labour force surveys a dhéantar ar fud na tíre agus bíonn fáil ag an Údarás ar an eolas staitisticiúil a chuirtear ar fáil tríd na suirbhéithe sin freisin. Glacaim leis go bhfuil gá cur go mór leis an teicneolaíocht atá ar fáil sa nGaeltacht, leis an oideachas teicneolaíochta agus leis na tionscail teicneolaíochta. Tá pleananna ag an Údaras agus obair mhaith déanta ag an Údarás cheana féin i dtaobh na ceiste sin.