Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Mar 1998

Vol. 488 No. 5

Other Questions. - Bord na Gaeilge.

Frances Fitzgerald

Question:

11 D'fhiafraigh Ms Fitzgerald den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar bhuail sí le Bord na Gaeilge chun cúrsaí athbheochana agus dul chun cinn na teanga a phlé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6544/98]

Bhuail mé le Bord na Gaeilge cúpla uair anuraidh. Rinneadh plé ag na cruinnithe sin ar réimse leathan ábhar i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge agus páirt an Bhoird san obair sin.

Is é príomhchúram an Bhoird an Ghaeilge agus go háirithe a húsáid mar theanga bheo agus mar ghnáthmheán cumarsáide a chur chun cinn agus a spreagadh ar fud na tíre trí scéimeanna agus trí thionscnaimh dá chuid féin agus trí chúnamh a thabhairt do ghníomhaíochtaí eile ar son na Gaeilge.

Céard a bhéas in ann do Bhord na Gaeilge i leith an Bhille nua don Ghaeilge, don Ombudsman agus mar sin de atá tú le tabhairt isteach? An mbeidh an ról céanna ag an mBord? Cé mhéad den ról dátheangach atá ag an mBord faoi láthair? Chun an Ghaeilge a fhorbairt agus a chur chun cinn an bhfuil sé ar intinn agat tuilleadh ama a thabhairt don Ghaeilge agus don dátheangachas ar TnaG mar shampla? Tá am le spáráil ansin. An bhfuil sé ar intinn agat sin a dhéanamh i gcomhthéacs an róil agus na hoibre atá le déanamh ag an mBord agus agat féin?

Maidir leis an dara cuid den cheist, má chuireann tú ceist síos maidir le TnaG freagrófar an cheist sin. Maidir leis an gcéad chuid den cheist, shíl mé gur mhínigh mé é seo go mion agus go beacht inné go díreach cad tá i gceist leis an mBille Teanga. Mar a mhínigh mé, ceann de na féidireachtaí a bhfuil mé ag breathnú air, agus níl ann ach féidireacht i láthair na huaire, ná go mbeadh cur-i-bhfeidhm ginearálta ag Bord na Gaeilge agus an Acht i bhfeidhm. Ach mar a deirim níl aon intinn socraithe agam i dtaobh na ceiste seo agus bheadh an-spéis agam i dtuairimí Chomhchoiste an Oireachtais, an Comhchoiste ar chas mé orthu inné agus go deimhin i dtuairimí agus i moltaí an Teachta.

Maidir leis na gníomhaíochtaí atá ar bun ag Bord na Gaeilge i láthair na huaire, ní fheicim go mbainfidh an Bille Teanga aon cheann de na gníomhaíochtaí sin den Bhord. Ach d'fhéadfadh sé cur leis. Maidir leis an dátheangachas, is é ról agus an feidhm Bhoird an Ghaeilge a chur chun cinn agus is ar sin a bheidh sé dírithe san am atá le teacht, mar atá sé dírithe i láthair na huaire.

Top
Share