Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Mar 1998

Vol. 488 No. 5

Written Answers - Cúrsaí Teanga.

Paul McGrath

Question:

21 D'fhiafraigh Mr. McGrath den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar bhuail sí le heagras na nGaelscoileanna chun cúrsaí teanga a phlé; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [6543/98]

Beidh mé ag bualadh le hionadaithe ó Ghaelscoileanna amárach, ar iarratas uathu, chun ceist na Gaelscolaíochta i gcoitinne a phlé.

Ar ndóigh, is eagras é Gaelscoileanna a fhaigheann cúnamh bhliantúil ó Bhord na Gaeilge.

Top
Share