Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Mar 1998

Vol. 488 No. 5

Written Answers - Dheontas-i-geabhair.

Dinny McGinley

Question:

24 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil an toradh ar an suirbhé mara ag Céidh Mhachaire Rabhartaigh agus an timpeallacht ar fáil fós agus an bhfuil sí chun airgead a chur ar fáil le oibreacha práinneacha a dhéanamh ansin. [6418/98]

Tuigim to bhfuil dréacht-thuarascáil ullmhaithe ag comhairleoirí do Chomhairle Chontae Dhún na nGall maidir leis na saoráidí calaíochta ag Machaire Rabhartaigh agus go bhfuil an chomhairle chontae á scrúdú faoi láthair.

Cheadaigh Roinn an Taoisigh — a raibh cúram na n-oileán uirthi ag an am — cúnamh £50,000 don chomhairle chontae chun a chumasú dóibh an suirbhé atá i gceist ag an Teachta a chur i gcrích. Cheadaigh mo Roinnse deontas £30,000 don chomhairle chontae i 1997 chun cabhrú leo obair dheisiúcháin a chur i gcrích ar an sleamhnán ag Machaire Rabhartaigh.

Nuair a chuirfear an tuarascáil ar fáil don Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán déanfar é a mheas.

Frances Fitzgerald

Question:

25 D'fhiafraigh Ms Fitzgerald den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an dtuigeann sí go bhfuil easpa mhór réamh-mhonarchana i nGaeltacht Dhún na nGall faoi láthair agus an gcuirfidh sí acmhainní breise ar fáil do Údarás na Gaeltachta chun leanúint ar aghaidh le clár tógála monarchan. [6417/98]

Tá soláthar de £9.4 milliún ceadaithe ag mo Roinnse i mbliana d'Údarás na Gaeltachta mar dheontas-i-gcabhair chun freastal ar chaiteachas ar thógáil, ar infheistíocht i scaireanna agus ar shóchmhainní a cheannach. Is gnó é don údarás féachaint chuige go mbaintear úsáid chomh héifeachteach agus chomh coigilteach agus is féidir as an soláthar substaintiúil sin.

Leis an mborradh san eacnamaíocht tharla méadú mór le roinnt blianta anuas ar líon na dtógraí atá á gceadú ag an údarás agus, mar thoradh, dhírigh an t-údarás, tríd a chlár tógála, ar riachtanais tograí sonracha a shásamh seachas ar réamhmhonarachana a thógáil.
Tá iarratas ón údarás ar sholáthar breise le caitheamh ar thógáil i mbliana á mheas agam faoi láthair.
Top
Share