Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 11 Mar 1998

Vol. 488 No. 5

Written Answers - Scéim na mBóithre Áise.

Dinny McGinley

Question:

103 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an mó iarratas atá faighte ina Roinn faoi scéim nua na mbóithre áise ó cheantair Ghaeltachta i nDún na nGall agus cén uair a bheidh cinneadh á dhéanamh ar na bóithre a gceadófar deontais ina leith. [6643/98]

Tá 530 iarratais faighte ag mo Roinnse ó Ghaeltacht Dhún na nGall faoi scéim na mbóithre áise 1998 agus tá na hiarratais sin a meas faoi láthair. Beidh ar mo Roinn dul i dteagmháil le Comhairle Chontae Dhún na nGall chun meastacháin chostais a fháil ar chuid de na bóithre seo. Déanfar cinneadh ar na bóithre a gcuirfear cúnamh ar fáil ina leith a luaithe is féidir.

Top
Share