Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go raibh 463 duine fostaithe go lánaimseartha agus 88 go páirteaimseartha/séasúrach ag deireadh na bliana 1997 i ngnóthais sna ceantair atá luaite sa cheist agus a fuair cúnamh ón Údarás. I gcás na fostaíochta lánaimseartha is méadú de 35 atá i gceist thar an méid a bhí fostaithe ag deireadh na bliana 1996.
Tá iarrachtaí leanúnacha ar bun ag an Údarás d'fhonn tionscail agus fostaíocht a chur chun cinn sna ceantair seo agus chun áiseanna a chur ar fáil chuige sin. Tuigim ón Údarás go bhfuiltear ag súil le méadú maith i bhfostaíocht sna ceantair sin i mbliana agus, ina dhiaidh sin, le cúnamh uaidh, i raon de ghnóthaí éagsúla a d'fhéadfadh a bheith bunaithe, mar shampla, ar acmhainní nádúrtha na gceantar, ar thionscail dhúchasacha, ar cheardaíocht agus ar thurasóireacht chultúrtha.
Mar is eol don Teachta freisin cheadaigh méle gairid togra forbartha i leith Eireagal Éisc, ceann de na tionscail is mó sa cheantar sin.