Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 Mar 1998

Vol. 488 No. 7

Adjournment Debate. - Industrial Development.

Táim buíoch díot as ucht an t-am a thabhairt dom chun an t-ábhar seo a phlé agus táim buioch den Aire Stáit a tháinig anseo chun freagra a thabhairt. Tá fhios agam go bhfuil eolas ag an Aire Stáit ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh atá i lár Ghaeltacht Mhúscraí. Tá suim mhór ag muintir na háite sa Ghaeilge agus tá Coláiste na Mumhan — an chéad choláiste Gaeilge in Éirinn i lár an bhaile. Is í an fhadhb ná go bhfuil réamhmhonarcha folamh le blianta fada anuas agus tá an-chuid daoine ón gceantar taréis imeacht go dtí bailte móra timpeall na háite cosúil le Magh Chromtha agus Beanntraí agus go dtí bailte móra ar nós Corcaigh agus Baile Átha Cliath chomh maith. Tá siad imithe chomh maith go Sasana agus go dtí áiteanna eile ar fud an domhain ag lorg obair. Ach caithfimid obair a chur ar fáil i mBéal Átha an Ghaorthaidh féin agus dá bhrí sin bhéinn buíoch den Aire dá mbeadh sé in ann airgead nó cabhair éigin a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta chun tionscal éigin a chur isteach sa réamhmhonarcha.

I am grateful for the opportunity to raise this subject and I am particularly pleased that the Minister is here to reply.

Ballingeary is the heart of the Muskerry Gaeltacht in my constituency. Situated in the village is the first all-Irish college established in the State to which pupils come from all over the country. I am sure many people in this House learnt Irish there in the past.

There is a great interest in the language in the area but, unfortunately, all too many of the younger people in the locality are forced to leave Ballingeary in search of employment. Many of them are fortunate to have found employment in relatively nearby larger towns like Macroom and Bantry. Some have found employment in the Gaeltacht area of Ballyvourney where there has been considerable success in attracting industry.

I would like the Minister to investigate with Údarás na Gaeltachta the reasons it has proved particularly difficult over many years to secure an industry for this vacant advance factory. If the Irish language is to have a future in the locality we have to provide employment opportunities for the young people of the area. Unfortunately and regrettably all too many of them have been forced to emigrate in recent years. A large number of them would be anxious to return to Ballingeary if suitable employment was available in the locality. I would be grateful for any assistance the Minister can give to Údarás na Gaeltachta which has been working diligently in this area in recent years.

I accept also that there is a problem in Ballingeary relative to the other industrial sites in the Muskerry Gaeltacht, because the infrastructure is not as good. Ballyvourney is located on a national primary route whereas Ballingeary is on a poor secondary road. That is a disadvantage, but in an age of high-tech industries it is not necessary to have national primary routes in every location to attract industry. I am sure there are industries which would be particularly suited to areas like Ballingeary if we could muster sufficient energy over a concerted period to show the area off to prospective industrialists.

I would be grateful for any assistance the Minister can give in this regard.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an Teachta Creed as ucht na ceiste seo a árdú sa Teach tráthnóna. Chuir mé spéis sa mhéid a bhí le rá aige maidir le bunú Choláiste na Mumhan mar tharla sé go raibh mo shean-athair Seán Ó Cuív ar dhuine de bhunaitheoirí an Choláiste. Ní hamháin sin ach chaith mé féin trí thréimhse ann ag foghlaim na Gaeilge ag deireadh na gcaogadaí agus ag tús na seascadaí. Tá eolas agam ar an gceantar agus baint an-fhada ag mo mhuintir leis an gceantar áirithe sin. Mar sin tá bá faoi leith agam leis an gceantar agus ba mhaith liom go dtiocfadh an ceantar chun cinn. Ar ndóigh, is gnó é seo go bunúsach d'Údarás na Gaeltachta, an t-eagras Stáit atá freagrach as forbairt tionsclaíochta sa Ghaeltacht agus níl ról agamsa mar Aire go díreach sa chás. Ach é sin ráite tá mé sásta an t-eolas atá faighte agam ón Údarás a chur faoi bhráid an Tí. Tuigim ón Údarás go bhfuil breis is 45 duine fostaithe go lán-aimsire agus 22 duine páirt-aimsireach í dtionscail i mBéal Átha an Ghaorthaidh a fuair cúnamh ón Údarás. Tuigim freisin go bhfuil monarcha amháin 890 méadar cearnach folamh le tamall fada anuas. Ceadaíodh togra le sprioc fostaíochta de 40 don mhonarcha seo i 1996 ach tuigim nach bhfuil sé ag dul ar aghaidh anois. Tá feidhmeannaigh de chuid an Údaráis ag tabhairt tús áite do thogra nua a aimsiú don mhonarcha sin. Ni miste a lua go dtuigeann an tÚdarás riachtanaisí fostaíochta an cheantair. Bíonn teagbháil rialta idir an t-eagras agus ionadaithe ón gceantar. Mar shampla, bhí cruinniú ar an 2 Feabhra ag Bainisteoir Réigiúnach an Údaráis le Coiste Forbartha Bhéal Átha an Ghaorthaidh chun a gcás a phlé. Ar an Aoine seo caite, 20 Márta, bhuail an tÚdarás féin, a raibh cruinniú Boird acu sa cheantar an lá sin, leis an gCoiste Forbartha chun ceisteanna fostaíochta agus ábhair eile a phlé. Tuigim gur chruinniú fiúntach a bhí ann agus tá súil agam go bhfuil tuiscint níos fearr ar an dá thaobh ar chonas mar a sheasann cúrsaí. Ba mhaith liom a rá freisin go dtuigim an méid atá ráite ag an Teachta maidir le cúrsai infrastructúir agus tá mar chuid den abair atá ar bun ag mo Roinn i gcomhairle le ranna eile sa Choiste Idir-Rannach scrúdú a dhéanamh ar cheisteanna infrastructúir sa Ghaeltacht. Sin ráite, tá ceantair eile atá chomh hiargcúlta le Béal Átha an Ghaorthaidh, mo cheantar féin in a measc, gur éirigh leis an Údarás le dea-thoil agus le cúnamh na ndaoine áitiúla go leor leor fostaíochta a chruthú. Mar sin tá tábhacht leis an infrastructúr ach is féidir forbairt tionsalaí ochta a dhéanamh gan é. Is mithid a lua freisin go bhfuil i gceist agam bualadh leis an gCoiste Forbartha fad is a bheidh mé sa cheantar ag tús mhí Aibreáin. Tuigim ón Údarás go bhfuil tograí forbartha á bplé faoi láthair ag cúpla gnó atá lonnaithe sa cheantar ag súil le fostaíocht bhreise a chruthú agus táthar ag súil go mbeidh toradh go han-luath ar chás amháin díobh ar a laghad. Tá sé tábhachtach go n-oibreodh an tÚdarás agus an pobal as láimh a chéile chun na deiseanna is fearr is féidir a chur chun cinn, agus a chinntiú go mbeidh daoine ón gceantar oilte, ábalta agus toilteanach fostaíocht a bheadh le tairiscint amach anseo a ghlacadh. Sílim féin gurb é sin eochar na ceiste ag deireadh an lae, an tÚdarás ag obair i gcomhairle leis an bpobal. Cinnte, beidh mo thacaíochtsa mar Aire ar fáil ní hamháin don phobal ach don Údarás freisin.

Top
Share