Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 24 Mar 1998

Vol. 488 No. 7

Written Answers. - Gaelscoileanna.

Eamon Gilmore

Question:

438 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Oideachais agus Eolaíochta cathain agus cén fáth ar thug an Roinn Oideachais coibhneas faoi leith daltaí/múinteoirí do Ghaelscoileanna agus ós rud é gur ar bhonn teangan atá an coibhneas seo bunaithe, is é sin múineadh trí Ghaeilge, an gceapann an tAire go bhfuil cothrom na Féinne sa chás seo á fháil ag scoileanna Gaeltachta, a bhfuil fadhbanna i bhfad níos mó acu ná mar atá ag Gaelscoileanna. [7355/98]

Tugadh coibhneas faoi leith daltaí/múinteoirí do Ghaelscoileanna don chéad uair sa bhliain 1979.

I gcomhthéacs Eorpach, caithimíd ár n-ionnanas aonair a chothú tré forbairt ár dteanga agus ár gcultúr. Tá sé de dhualgas ar an Stát an dhátheangachas a leathnú agus, go háirithe, tuilleadh úsáid i labhairt na Gaeilge a bhaint amach.

Is cinnte go bhfuil tábhacht lárnach ag baint leis an dteanga Gaelach i bhforbairt curaclaim na scoile, agus táim sásta go bhfuil páirt éifeachtach á glacadh ag na Gaelscoileanna i neartú na Gaeilge san chóras oideachais.

Top
Share