Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 May 1998

Vol. 490 No. 6

Other Questions. - Labhairt na Gaeilge.

Donal Carey

Question:

4 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén plean atá aici chun labhairt na teanga a chothú agus a fhorbairt; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [10890/98]

Faoi mar a chuir mé in iúl don Teach mar fhreagra ar Ceisteanna Uimhir 252 agus 254 ar 6 Bealtaine tá straitéis an Rialtais i dtaca le buanú agus cur chun cinn na Gaeilge, agus na céimeanna praiticiúla a nglacfar chuige sin, leagtha amach i gClár an Rialtais. Léiríonn an Clár sin na céimeanna a ghlacfar a bheidh dírithe ar úsáid na Gaeilge a bhuanú sa Ghaeltacht agus a leathadh sa chuid eile den tír. Aithníonn an Clár go mbeidh ról lárnach ag an tSeirbhís Phoiblí i gcoitinne, agus ag an gCóras Oideachais ach go háirithe, i bhfeidhmiú an pholasaí sin.

Maidir le mo Roinnse, tá sé mar bhunaidhm aici an Ghaeilge a bhuanú mar ghnáthurlabhra sa Ghaeltacht agus a húsáid a leathadh sa chuid eile den tír.

Laistigh den Ghaeltacht leanfaidh mo Roinnse, agus Údarás na Gaeltachta, trí na scéimeanna cúnaimh agus gríosaithe dá gcuid, de bheith ag cuidiú le forbairt teanga agus cultúir, le forbairt tionscail, feabhsú infrastruchtúir agus le forbairt pobail ar mhaithe le buanú na Gaeilge inti.

Lasmuigh den Ghaeltacht leanfaidh agus treiseoidh mo Roinnse agus Bord na Gaeilge a niarrachtaí chun úsáid na Gaeilge mar theanga bheo a spreagadh ar fud na tíre trí scéimeanna agus tionscnaimh dá gcuid féin agus trí chúnamh a thabhairt d'eagrais eile atá ag gníomhú ar son na Gaeilge.

Tá tús curtha le hobair chun Bille Teanga don Ghaeilge a dhréachtadh a mbeidh mar chuspóir aige feabhas a chur ar an scéal maidir le soláthar seirbhísí Stáit trí Ghaeilge do phobal na tíre. I dtaca leis sin de dírim aird an Teachta ar an aitheasc uaim i dtaobh na ceiste sin os comhair an Chomhchoiste um Oidhreacht agus an Ghaeilge ar 10 Márta seo caite.

Táim buíoch den Aire as an bhfreagra sin ach bhí mé ag lorg eolas níos cruinne uaidh. Ní raibh imní orm faoin bhfreagra a thug sé dom ar stádas na teanga ach bhí scéala sna nuachtáin le déanaí go raibh titim mhór i labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht i gcoitinne. Dúirt an Irish Independent go raibh an líon is mó faoin gcéad de dhaoine a labhrann Gaeilge sa Ghaeltacht le fáil sa Rinn i bPort Láirge. Cé go n-aontaínn an tAire leis an seanfhocal “Tír gan teanga, tír gan anam” níor luaigh sé an méid airgid atá leagtha síos don chlár oibre a leag sé síos nuair a bunaíodh an Rialtas seo. Cé mhéid airgid a bheas le caitheamh air sa bhliain atá romhainn?

Glacaim leis gurb í an cheist cé mhéid airgid a chaithfear ar an gclár oibre sin an bhliain seo chugainn ach mar is eol don Teachta níl na meastacháin socraithe agus mar sin níl mise in ann an cheist sin a fhreagairt. Tá ceist eile ann inniu maidir le laige na Gaeilge sa Ghaeltacht agus rinneadh tagairt ann don daonáireamh a foilsíodh le déanaí. Ní féidir liom teacht leis an méid a dúirt an Irish Independent mar ní féidir comparáid a dhéanamh idir na staitisticí atá ar fáil againn anois agus na staitisticí a bhí ar fáil cheana mar cheana níor tugadh aon bhriseadh síos idir an milliún daoine a raibh Gaeilge acu sa tír agus iadsan nach raibh. Don chéad uair sa daonáireamh seo tá briseadh síos tugtha ar mhinicíocht na Gaeilge.

É sin ráite, agus is fiú staidéar níos géire a dhéanamh ar na figiúirí sin agus déanfaidh mé ceann, tá cúiseanna imní sa Ghaeltacht. An imní is mó ann ná conas is féidir an t-aos óg a spreagadh leis an Ghaeilge a labhairt. Is féidir liom a dhearbhú don Teachta thall go bhfuilim tar éis an cheist sin a phlé le gairid le bord an Údaráis. Tá moltaí áirithe réitithe acu siúd maidir leis an gceist seo agus beimid ag leanacht ar aghaidh ag déanamh scrúduithe ag súil le teacht aníos le plean comhaontaithe ar féidir é a fheidhmiú chun aos óg na Gaeltachta a spreagadh i dtreo na Gaeilge. Caithfimid a thuiscint go bhfuil an saol ag athrú agus gur mó an tionchar ag an saol taobh amuigh den Ghaeltacht ar an aos óg.

Caithfimid breathnú freisin ar na fadhbanna sa chóras oideachais agus tá an t-ábhar seo clúdaithe i gClár an Rialtais. Dá mbeadh cóip den Chlár sin ag an Teachta d'fheicfeadh sé go bhfuil tagairtí sonracha ann don mhéid seo. Mar iomlánú ar sin, bhí polasaí an-chuimsitheach foilsithe ag mo pháirtí roimh an toghcháin agus táimid á úsáid mar bhunshraith ar a bhfuilimid ag obair.

Caithfear díriú ar an oideachas, mar shampla, mar a thuigeann Teachta ar bith atá ag plé leis an nGaeltacht, tá fadhb sa Ghaeltacht i dtaca le daoine gan Ghaeilge ag teacht abhaile agus ag cur futhu sa Ghaeltacht. Táimid ag réiteach pleananna faoina choinne sin. Is féidir a bheith cinnte go bhfuil pleananna cuimsitheacha dá réiteach maidir le cur chun cinn na Gaeilge taobh istigh den Ghaeltacht.

Ní hin go díreach an cheist a cuireadh: bhí sé i bhfad níos leithne. Is dóigh liom go dtagann figiúr amháin áirithe as an daonáireamh, sé sin, go ndúirt 350,000 duine go n-úsáideann siad an Ghaeilge chuile lá. Má bhaintear as sin na daoine óga a úsáideann Gaeilge ar scoil, fós féin, faightear riar maith daoine ar fud na tíre a deireann go n-úsáideann siad an Ghaeilge chuile lá. Sin figiúr nach raibh againn cheana agus cruthaíonn sé gur éirigh leis na polasaithe a bhí againn go dtí seo go dtí pointe áirithe. Is éard a chaithfimid a dhéanamh ná treisiú ar na polasaithe sin agus is féidir a bheith dearfa gur treisiú agus láidriú a bheas i gceist.

Ní aontaíonn na múinteoiri leis an Aire Stáit. Ag a gcuid cruinnithe bliantúla dúirt siad nach raibh beocht ar bith i labhairt na Gaeilge sa tír. Cén fáth nár chuir an tAire Stáit i gcoinne moladh na múinteoirí i dtaobh obair a thabhairt anseo do mhúinteoirí ó na Sé Chontae?

An bhfuil aon imní ar an Aire Stáit i dtaobh an t-eolas a bhí san Irish Independent i dtaobh labhairt na Gaeilge sna Gaeltachtaí? Bhí fonn air cothromaíocht a thabhairt do na limistéir Ghaeltachta go léir nuair a bhí sé ag roinnt airgead na mbóithre áise. Tá difear idir na figiúirí do chontae na Gaillimhe agus do chathair na Gaillimhe de 56 faoin gcéad. Ar bhain sé úsáid as na figiúirí sin agus an t-airgead do na bóithre áise á roinnt aige?

Glacaim leis go bhfuil difear an-mhór idir an chathair agus an tuath agus is féidir a bheith dearfa nár dearnadh aon bhóthar áise taobh istigh den chathair. É sin ráite, mar is eol d'éinne a léann na páipéir agus a éistíonn le Raidió na Gaeltachta agus le Teilifís na Gaeilge, táim ag déanamh scrúdú ar cheist seo na Gaeilge taobh istigh de limistéar na Gaeltachta agus taobh istigh de chathair na Gaillimhe. Tuigeann gach duine cá as a éiríonn an scéal sin agus táim ag gníomhú air agus is féidir liom a rá go bhfuilim tar éis casadh le Bord an Údaráis agus dréachtphlean a chur os a gcomhair faoi bhealach amháin a fhéadfaimis déileáil leis an bhfadhb áirithe fíorshonrach sin.

Maidir leis an gceist eile a ardaíodh faoi na múinteoirí, níl a fhios agam cén fáth inniu thar aon lá a bhfuiltear ag cur ceisteanna orm féin agus ar an Aire de Valera a bhaineann leis an hAireachtaí eile. Ní mise an tAire Oideachais ach tá fáilte roimh aon mhúinteoir as na Sé Chontae teacht go dtí an taobh seo tíre agus dul ag múineadh i mbunscoil. Tuigeann gach duine é sin: bhí sé sin oscailte iriamh. Ach an cheist a chaithfear a phlé agus an dualgas atá ormsa ná cén chaoi go ginearálta — agus táim i gcomhairle le mo chomhleacaí an tAire Oideachais faoi seo — is féidir úsáid na Gaeilge a leathadh sa tír. Tá roinnt rudaí curtha chun cinn agam, táim ag plé leis na heagraíochtaí deonacha, táim tar éis a fhógairt go bhfuil Bille Teanga á thabhairt isteach agus athruithe a chur ar Achtanna an Údaráis, tá scéimeanna nua á mbeartú chun an Ghaeilge a chur chun cinn taobh istigh den Ghaeltacht, táimid ag díriú i gcomhairle leis an Údarás agus le Bord na Gaeilge ar cheist na naíscolaíochta agus freisin ar cheist sheirbhísí don óige a bhfuil an oiread sin tábhacht leo sna Gaeltachtaí.

Táim tar éis dul chuig na Gaeltachtaí laga ar fad sa tír agus scéala a thabhairt dóibh go bhfuil siad mar chuid den Ghaeltacht, go bhfuil fáilte rompu ann agus go bhfaighigh siad buntáistí as a bheith sa Ghaeltacht ó thaobh cúrsaí teangan agus eile de i seirbhísí ó mo Roinn. Ach is comhpháirtíocht atá i gceist agus go mbeidh ag súil leis mar chuid den mhargadh sin go gcuirfidh siad an Ghaeilge chun cinn taobh istigh de na ceantair sin.

Murar leor é sin mar chlár oibre don mhéid ama a bhí agam go dtí seo le bheith ag dul ar aghaidh leis, ní féidir a thuilleadh a dhéanamh. Níor tugadh faoin oiread sin a dhéanamh in achar chomh gearr cheana faoi cheist na Gaeilge go dtí seo agus atá mise tar éis tabhairt faoi i naoi mí.

An mbeidh an plean atá le comhaontú leis an Údarás in áit roimh na meastacháin agus an mbeidh suim airgid sna meastacháin leis an bplean a chur i gcrích? In ullmhú an phleain sin, an raibh sé i dteangbháil leis an Aire Oideachais faoi chúrsaí téacleabhar sa Ghaeltacht? An bhfuil téacleabhair sna hábhair uilig le fáil ann agus an mbeidh lámhleabhair don Teastas Sóisearach ar fáil i nGaeilge?

Mar is eol don Teachta níl na téacsleabhair ar fad ar fáil trí Ghaeilge. An cheist ná céard atá muid ag déanamh faoi. Mar a dúirt mé cheana, tá coiste idir-rannach bunaithe anois a bhfuil ní amháin cúram na n-oileán air ach cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta freisin. Ceann dá feidhmeanna ná na fadhbanna idir-rannacha seo a phlé. Tá fadhbanna móra ann maidir le cúrsaí oideachais agus téacsleabhair is ea ceann acu. Caithfear díriú orthu i gcoiste idir-rannach. Ceann eile ná ceist chaighdeán na múinteoirí atá ag múineadh i scoileanna Gaeltachta. Tá struchtúr curtha in áit againn anois le freastal ar an riachtanas sin.

Thabharfainn an-suntas do ghné eile den obair seo: táimid ag caint ar an nGaeilge a chur chun cinn sa tír agus mar a dúirt an tAire ar ball beag tá gné fíorláidir Gaeilge ag baint leis an gcomhaontú a síníodh ar Aoine an Chéasta. Tá súil agam go mbeimid in ann an clár oibre seo a bhrú ar aghaidh ar bhonn uile Éireannach, rud a threiseodh go mór leis mar bheadh Gaeilgeoirí an Tuaiscirt agus an Deiscirt ag obair as lámh a chéile agus bheadh súil agam go dtiocfaimid ar fhuascailt na fadhbe nó cuid de i gcomhpháirtíocht lenár gcomhleacaithe ó Thuaidh. Tá cruinnithe rialta tar éis a bheith agam leis na heagraisí Gaeilge ó thuaidh. Leanfar leis sin, cuirfear leis an gcomhoibriú agus trí chur le chéile acmhainní Gaeilge na tíre ar fad, tiocfaidh linn toradh níos fearr a bhaint amach as caiteachas airgid.

An cheist a chuir mé ná an mbeidh an plean in áit roimh na meastacháin agus an aimseofar suim airgid bhreise chun an plean a chur i gcrích?

Is ar an méar fhada atá sé. Tá bliain caite.

Mar is eol don Teachta, níl bliain baileach caite fós agus má bhreathnaítear ar an gclár oibre a luaigh mé ar ball beag feicfear nach méar fhada atá i gceist ar chor ar bith ach gníomh an t-am ar fad. Maidir le ceist an Teachta Uí Uiginn, táim ag súil le hacmhainní ní ón Údarás ach ó mo Roinn-se a chur ag plé le cuid de na fadhbanna seo agus táim ag obair ar leasuithe ar chuid de na scéimeanna atá ann i láthair na huaire. Maidir leis an gceist a ardaíodh faoin Údarás táim ag plé leo agus déanfaidh mé cás anláidir le go gcuirfear na hacmhainní is gá ar fáil don bhliain 1999 le déanamh cinnte go gcuirfear stop leis an meath atá ag teacht ar an nGaeilge sa nGaeltacht. Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte go mbeidh an iarracht sin ar bun agus go bhfuilim dóchasach go n-éireoidh linn clár oibre fiúntach a chur i bhfeidhm go luath.

Is dóigh go bhfuil éadóchas ann faoin nGaeilge le céad bliain anuas agus God knows cé mhéad tórramh a bhí ann di. Cuireadh í an méid sin amanna ach tá sí beo i gcónaí. Cuimhnímís go ndeireann 350,000 duine go n-úsáideann siad Gaeilge chuile lá. Fiú má dhéantar coigeartú beag ar na figiúirí sin is dóigh gur i bhfad ón mbás atá an Ghaeilge. Ní mór dúinn oibriú ní ar an mbonn go bhfuil sí ag fáil bháis ach ag tógáil ar an mbunsraith atá ann. Tá sé cinnte go bhfuil sí ag teacht aníos sa Ghalltacht ach go bhfuil sí ag dul i laige sa nGaeltacht ar chúiseanna cumarsáide agus eile. Caithfimid féachaint leis an nGaeilge a chur chun cinn sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht.

(Carlow-Kilkenny): Thug an tAire figiúirí dúinn cúpla nóiméad ó shin. An bhfuil aon scrúdú déanta le déanaí a dhéanann comparáid idir líon na ndaoine atá ag labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht agus líon na ndaoine atá ag labhairt Gaeilge sa chuid eile den tír? Tá fás mór ag teacht ar labhairt na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht: tá Glór na nGael ag cur na Gaeilge chun cinn sna bailte agus na gaelscoileanna ag cuidiú go mór lena fás. Má tá an Ghaeilge ag fáil bháis go mall sa nGaeltacht tá fás mór ag tarlú sa chuid eile den tír.

Tuigim go bhfuil fás mór ag teacht ar labhairt na Gaeilge i gCeatharlach agus an bhfuil sé sin ar eolas ag an Aire? An bhfuil gach baile eile faoin tír ag dul ar aghaidh chomh tapa nó an eisceacht atá ann?

Rinne mé comhghairdeachas leis an Taoiseach ós rud é go bhfuil ocht n-alt scríofa isteach sa Chomhaontú ó thaobh na Gaeilge de. Tá Bille Teanga beartaithe anseo agus an bhfuil sé ar intinn ag an Aire Stáit go mbeidh ar chumas mhuintir an Tuaiscirt, Aondachtóirí ina measc, a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo ag éirí as an gComhaontú seo agus an Bille Teanga?

Mar a thuigfidh an Teachta, bainfidh an Bille a thabharfaidh mise isteach leis an Stát seo amháin. É sin ráite, is dóigh liom go bhfeicfear é mar eiseamlár den dátheangachas agus cearta saoránach agus d'fhéadfadh sé a bheith úsáideach ó thuaidh de réir mar a théann an próiseas ar aghaidh. Maidir leis an gComhaontú agus an Tuaisceart is í seo an chéad uair ní amháin go bhfuil aitheantas speisialta á thabhairt don Ghaeilge ó thuaidh i gcomhaontú idirnáisiúnta ach tá creatlach de chlár oibre ansin ar féidir tógáil air agus a dhéanfaidh an-leas go háirithe ó thaobh na n-Aondachtóirí de mar bainfidh sé cuid den pholaitíocht sheicteach den Ghaeilge mar feicfear í mar rud a bhaineann leis an Stát agus go mbaineann an Stát leis an dá thaobh den phobal.

Maidir le ceist an Teachta de Brún, tar éis dom a bheith ceaptha im' Aire Stáit chuir mé fios ar na mionstaitisticí a bhain leis an nGaeilge go mór mór i gcomhthéacs daonáirimh 1996 áit a cuireadh mioncheisteanna den chéad uair maidir le húsáid na Gaeilge seachas eolas ar an nGaeilge. Ní raibh siad sin le fáil ag an am agus foilsíodh na figiúirí maidir leis an nGaeilge den chéad uair tá coicís ó shin.

Ar an bpointe chuir mé fios ar na staitisticí a bhaineann leis na ceantair toghcháin (na DED) chun staidéar grinn a dhéanamh orthu féachaint cad é fíorstaid na Gaeilge sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí. Má thógaimid ceantar na Gaillimhe, rud atá ag cur as do na figiúirí san iomlán ná an fás ar bhruachbhailte na Gaillimhe. Má thógtar Bearna, tá bunphobal ann ach tá an pobal nua i bhfad níos mó agus tá sé ag cur as do staitisticí. Ach má fhaighimse na mionfigiúirí beidh mé in ann iad a scagadh ó chéile.

Tá spéis agam breathnú ar na figiúirí don tír ina iomlán go mór mór i dtaobh gasúir de thrí nó ceithre bliana nó daoine atá tar éis an córas oideachais a fhágáil, féachaint cá bhfuil na daoine a deireann go n-úsáideann siad an Ghaeilge chuile lá. Cé mhéad acu atá i gCeatharlach, cé mhéad acu atá i gCnoc Mhuirfean, i dTamhlacht agus mar sin de. Bheinn ag féachaint le pleananna a chur i bhfeidhm le déanamh cinnte go mbeidh breis deiseanna ag na daoine sin. Is féidir a bheith cinnte a luaithe agus a fhaighim na figiúirí sin go mbeidh mo Roinnse ag déanamh mionstaidéar orthu.

Luadh an Rinn ar ball beag, ceann de na Gaeltachtaí is lú sa tír murab í an ceann is lú. Ag breathnú siar go dtí tús an chéid ní thabharfaí seans go mairfeadh Gaeltacht chomh beag sin in oileán an Bhéarla. Ceann de na figiúirí is spéisiúla dá bhfuil feicthe agam ná gurb ann atá an céatadán is airde de ghasúir de thrí agus ceithre bliana atá ag labhairt na Gaeilge chuile lá. Taispeánann sé sin go bhfuil todhchaí ag na Gaeltachtaí, fiú na Gaeltachtaí beaga, ach toil an phobail a bheith ann chuige. Beidh mise ag cur go mór leis na pobail le féachaint go mbeidh an toil sin ann.

Top
Share