Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 16 Jun 1998

Vol. 492 No. 4

Written Answers. - Teagasc Monroe.

Question:

116 D'fhiafraigh Dr. Upton den Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil dearcadh neamhspleách ag Éirinn maidir leis an tslí ina gcuireann na Stáit Aontaithe Teagasc Monroe i bhfeidhm; má tá, conas agus cad iad na huaireanta, ó aimsir an dara cogadh mór i leith, a rinneadh an dearcadh neamhspleách sin a léiriú; agus an é tuairim an Rialtais é go bhfuil de cheart ag tír ar bith a leithéid de sheasamh a bheith acu. [14408/98]

Tá polasaí na hÉireann maidir le gnóthaí idirnaisiúnta treoraithe de réir prionsabail uile Cáirt na Náisiúin Aontaithe agus Gníomh Deiridh Heilsincí, tá san áireamh an prionsabal comhionannas ceannasach Stáit.

Top
Share