I measc na bpríomh-thosaíochtaí atá leagtha síos sa Chlár Rialtais tá go leasófaí an curaclam scoile chun tuilleadh béime a leagan ar ghníomhaíochtaí cultúrtha agus ealaíne. Uime seo, tá an leasú atá idir lámha ar an gcuraclam bunscoile ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) á thabhairt chun críche faoi láthair. Tabharfar aitheantas cuí do thábhacht an Oideachais Ealaíne sa churaclam bunscoile leasaithe sna blianta atá romhainn. Is iad fo-chodanna an chláir leasaithe san Oideachas Ealaíne ná na hamharcealaíona, ceol agus drámaíocht. I dteannta sin, áirítear damhsa mar fho-ghné den chlár sa chorpoideachas. Tá na doiciméid churaclaim agus na treoirlínte do mhúinteoirí sna hachair seo beagnach réidh le foillsiú anois. I dtaca leis an gcuraclam leasaithe, cuirfear sé lá oiliúna inseirbhíse ar fáil do mhúin-teorií i rith na scoilbhliana 1998-99.
Leagtar níos mó béime ar ghníomhaíochtaí cultúrtha agus ealaíne i gcláir éagsúla an Churaclaim Iarbhunoideachais. Tá cúrsaí gearra á bhforbairt ag an gCNCM i nDamhsa agus i nDrámaíocht ag leibhéal an Teastais Shóisearaigh. Chuireann clár na hIdirbhliana ar chumas scoileanna a gcláir chultúrtha agus ealaíne féin a fhorbairt faoi réir ag cúinsí áitiúla. Tá cláir mhódúla á bhforbairt in Oideachas Ealaíne don Ardteistiméireacht Fheidhmeach. Tá an siollabas Ealaíne don Ardteistiméireacht á leasú agus tá dréachdhoiciméad curtha ar fáil.
Ag an dá leibhéal oideachais, tá béim á leagan ar ghníomhaíochtaí cultúrtha sna siollabais Ghaeilge, staire agus thíreolaíochta.