Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 30 Jun 1998

Vol. 493 No. 3

Written Answers. - Bunscoil Bhaile an Fheirtéaraigh, Chontae Chiarraí.

Joe Higgins

Question:

473 D'fhiafraigh Mr. Higgins (Dublin West) den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gcoimeádfar líon na múinteoirí i mbunscoil Bhaile an Fheirtéaraigh mar a bhí sa scoilbhliain 1997-98 ar mhaithe leis na daltaí atá ins an scoil agus ar mhaithe le múineadh na Gaeilge i gceantar Gaeltachta atá faoi bhrú. [16226/98]

Is de réir an rollúcháin a bhí i scoil náisiúnta ar an 30 Meán Fómhair den bhliain roimis a chinntear foireann scoile náisiúnta i mbliain ar bith. Is é an rollúchán a bhí i scoil náisiúnta Bhaile an Fheirtéirigh ar an 30 Meán Fómhair 1997 ná 86 dalta. Triúr foirne a bheadh dlite don scoil sin don scoilbhliain 1998-99 dá réir sin, príomhoide agus beirt mhúinteoirí. Dá bhrí sin, ní féidir leis an scoil post an tríú mhúinteora a choimeád tar éis deireadh na scoilbhliana seo. Ach do mba rud é go dtiocfar athrú ar an scéal ó thaobh na n-uimhreacha i Meán Fómhair is féidir linn an cás a scrudú arís. Beidh cigire mo Roinne ag coimeád súil ar an gceist.

Top
Share