Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Oct 1998

Vol. 495 No. 3

Other Questions. - Churaclam na Scoile.

Ulick Burke

Question:

11 D'fhiafraigh Mr. U. Burke den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar bhuail sí leis an Roinn Oideachais agus Eolaíocht chun stádas na Gaeilge a athbhreithniú ó thaobh churaclam na scoile; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19681/98]

Maidir leis an nGaeilge mar ábhar sa churaclam scoile is gnó don Aire Oideachais agus Eolaíochta é sin. I dtaca leis sin de dírím aird an Teachta ar Alt 30 den Bhille Oideachais (Uimh. 2), 1997, a bhaineann le cúrsaí curaclaim. Ar ndóigh, tá suim speisialta agam mar Aire Stáit a bhfuil freagracht air i leith na Gaeilge, agus mar Theachta Dála do cheantar Gaeltachta, i múineadh na Gaeilge sna scoileanna agus i gcur chun cinn na Gaeilge sa chóras oideachais. Léirím an tsuim sin go rialta don Aire Oideachais agus Eolaíochta trí mholtaí a chur faoina bhráid le breithniú agus bíonn cruinnithe agam leis ó thráth go céile. Tá sé socraithe againn go mbunófar coiste liaison ionadaíoch den dá Roinn chun ceisteanna a bhaineann, inter alia, leis an nGaeilge sa chóras oideachais go ginearálta a phlé. Ar ndóigh, tá ionadaíocht ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar an gCoiste Idir-Rannach do na hOileáin, an Ghaeltacht and an Ghaeilge a bhfuilim féin mar Chathaoirleach air.

Céard é do bharúil féin go pearsanta agus mar Aire Stáit ar stádas na Gaeilge sna ghnáth-bhunscoileanna agus an stádas sna gaelscoileanna? Cloisim gasúir ag caint go minic ar Raidió na Gaeltachta agus mar sin de agus nuair a bhím ag caint mé féin le gasúir tugaim andifríocht faoi ndeara idir an Ghaeilge ata ag gasúir atá ag freastal ar ghnáth-bhunscoileanna agus ar ghaelscoileanna. Tá sort aighnis ansin. Mar Aire Stáit a bhfuil cúram na Gaeilge ort céard é do mheas féin? An bhfuil difríocht ann agus an gcuirfidh seo isteach ar na moltaí a mbeidh tú ag deileáil leo as seo amach?

Ni theastaíonn uaimse a bheith ag freagairt ceisteanna gur chóir a chur ar an Aire Oideachais. Ar ndóigh, is léir do dhuine ar bith, agus ní bheadh cúis ar bith le gaelscoileanna, muna mbeifeá ag súil go mbeadh Gaeilge níos feárr ag gasúir sna gaelscoileanna thar mar a bheadh ag gasúir i gcoitinne.

Is dóigh liomsa gurb é an ról atá agamsa mar Aire Stáit ná go mbaineann an Ghaeilge le níos mó ná na scoileanna agus go bhfuilimid ag iarraidh an obair atá á dhéanamh sna scoileanna ag múinteoirí agus ag na scoileanna i gcoitinne a shnaidhmiú leis an dul chun cinn atá thar ag iarraidh a chur ar aghaidh ó thaobh na Gaeilge de sa phobal i gcoitinne. Tagann an dá rud sin taobh le taobh. Mar shampla, tá's ag chuile dhuine agus tá's agatsa go minic go bhfuil an dearcadh ag gasúir scoile nach fiú dóibh Gaeilge a bheith acu mar nach mbaineann an Ghaeilge taobh amuigh den scoil.

Is é ról is mó atá agamsa mar Aire Stáit sa ghnó seo ná an cuid sin den teanga a bhaineann leis an saol taobh amuigh den scoil a chur ar aghaidh ach é a chur ar aghaidh i dteannta leis an Aire Oideachais le go mbeimis beirt ag brú sa treo céanna. Creidim má dhéanaimid ar an mbealach sin é go mbeidh tionchar nach beag ag an obair a bheidh á dhéanamh againn mar go dtuigfidh gasúir go mbaineann an Ghaeilge le níos mó ná díreach ábhar scoile.

An bhfuil ionadaithe ó na heagrais Ghaeilge ag freastal ar an choiste sin agus an bhfuil scrúdú ar bith déanta agatsa mar Aire Stáit ar éifeacht na hoibre atá déanta agus á dhéanamh ag Bord na Gaeilge ó thaobh stádas na Gaeilge de? An bhfuil ról ar bith ag Bord na Gaeilge ó thaobh moltaí a chur ar aghaidh maidir le stádas na Gaeilge a chur chun cinn taobh istigh den churaclam?

Maidir le Bord na Gaeilge de, mar is eol don Teachta táimid ag obair anois ar Acht Teanga agus tá comhdháil tábhachtach ar bun inniu maidir leis an gceist sin. D'iarr mé ar Bhord na Gaeilge agus ar Údarás na Gaeltacha moltaí a chur chugam. Níl ionadaíocht ag na heagrais Ghaeilge ar an gCoiste Idir-Rannach nó níl ionadaíocht acu ach oiread ar an gcoiste liaison a rinne mé tagairt dó. Coiste Stáit atá i gceist anseo. Ar ndóigh bím ag plé go fíor rialta agus go tráth rialta leis na heagrais Ghaeilge agus freisin leis an Údarás agus le Bord na Gaeilge agus éistím len a gcuid moltaí.

Chomh maith leis sin, mar is eol don Teachta, tá oifigeach de chuid na Roinne Oideachais mar bhall de Bhord na Gaeilge agus bíonn teangbháil leanúnach idir Bord na Gaeilge agus an Roinn Oideachais agus bíonn siad ag cur moltaí faoin a mbráid.

Top
Share