Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Oct 1998

Vol. 495 No. 3

Written Answers. - Údarás Craolacháin.

Donal Carey

Question:

33 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a bheidh sí in ann tuilleadh am craolacháin a bhronnadh ar Raidió na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19678/98]

Leagtar síos í mír 19 den Acht um Údarás Craolacháin, 1960, leasuithe ag mír 14(1) den Acht um Údarás Craolacháin (Leasú), 1976, nach sáróidh an méid iomláin uaire sa bhliain craolacháin ag RTE, nuair atá (a) a sheirbhís teilifíse agus (b) a sheirbhís craolacháin fuaime á soláthar aige, uasmhéid socraithe ag RTE don tseirbhís sin, le haontú an Aire, ná nach mbeidh sé níos lú ná íosmhéid socraithe ag RTE sa dóigh céanna.

Is ceist do RTE ar an gcéad dul síos iarratas a chur chugam chun athrú a dhéanamh sna huair-eanta craolacháin atá ceadaithe. Níl aon iarratas den chineál sin agam ó RTE faoi láthair i leith Raidió na Gaeltachta.

Top
Share