Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 15 Oct 1998

Vol. 495 No. 3

Written Answers. - Scéimeanna Oidreachta.

Joe Higgins

Question:

37 D'fhiafraigh Mr. J. Higgins (Dublin West) den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráiteas faoi oibreacha neamhcheadaithe ar thithe ar an mBlascaod Mór agus cad tá déanta ag an Roinn i dtreo is nach ndéanfar díobháil don bhunchuspóir Páirc Oidhreachta a chruthú ar an oileán. [19815/98]

Is eol dom go raibh oibreacha ar siúl ar theach Pheig Sayers agus ar fhoirgnimh eile ar an mBlascaod Mór ach tuigim go bhfuil céimeanna glactha ag Comhairle Chontae Chiarraí chun cosc a chur leis an obair sin.

Tá mo Roinnse an-bhuartha faoin scéal, go háirithe faoi na hoibreacha ar theach Pheig Sayers atá ar liosta na séadchomharthaí náisiúnta. Tá mo Roinnse i gcomhairle leis an sealbhóir, agus tá an scéal á choimeád faoi bhreathnú. Ní miste féachaint chuige go mbeadh aon oibreacha a chuirfí i gcrích ar theach Pheig Sayers déanta de réir an chleachtais chaoimhnithe is fearr agus freisin i gcomhréir leis na rialacháin phleanála chuí.

Top
Share