Alan M. Dukes
Question:368 D'fhiafraigh Mr. Dukes den Aire Oideachais agus Eolaíochta cé na grádanna a baineadh amach i scrúdú na hardteistiméireachta ag mic léinn a fuair áiteanna sna coláistí oideachais i 1996, 1997 agus 1998. [26500/98]
Vol. 498 No. 1
368 D'fhiafraigh Mr. Dukes den Aire Oideachais agus Eolaíochta cé na grádanna a baineadh amach i scrúdú na hardteistiméireachta ag mic léinn a fuair áiteanna sna coláistí oideachais i 1996, 1997 agus 1998. [26500/98]
Tuigim go mbaineann an t-eolas atá ag teastáil ón Teachta le mic léinn a ghlac áiteanna sna coláistí oideachais do bhunmhúinteoirí ar bhonn thorthaí scrúdú na hardteistiméireachta.
Ní hacmhainn do mo Roinnse, i láthair na huaire, an t-eolas sin a sholáthar don Teachta.
Leis an eolas sin a sholáthar, ba ghá go gcuirfeadh na coláistí sonraí ardteistiméireachta do gach mac léinn cuí i.e., bliain-blianta agus scrúduimhir, ar fáil do mo Roinnse.
Tá socrú á dhéanamh ag mo Roinnse na sonraí seo a iarraidh ar na coláistí, agus má thiomsaíonn siadsan na sonraí, cuirfidh mo Roinnse an t-eolas atá á iarraidh aige ar fáil don Teachta chomh luath agus is féidir.