Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 17 Dec 1998

Vol. 498 No. 6

Written Answers - An Comisiúin Logainmneacha.

Enda Kenny

Question:

16 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Airgeadais an ndeánfaidh sé ráiteas faoi obair an Choimisiúin Logainmneacha agus sráidainmneacha; an bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ar cheartú logainmneacha agus sráidainmneacha i ngach comhairle áitiúil; agus an inseoidh sé an plean atá aige ina leith. [24840/98]

Bhunaigh an tAire Airgeadais an Coimisiúin Logainmneacha sa bhliain 1946 (naoi déag daichead a sé) ar bhonn neamhreachtúil. Ba é cúram a leagadh air ceartfhoirmeacha Gaeilge phríomhlogainmeacha na hÉireann a chinntiú. Bunaíodh Brainse Logainmeacha na Suirbhéireachta Ordanáis sa bhliain 1956 (naoi déag caoga a sé) chun leanúint d'obair an Choimisiúin ar bhonn lánaimseartha. Rinneadh eagras comhairleach den Choimisiúin.

Dáréag atá ar an gcoimisún faoi láthair, an Cathaoirleach san áireamh. Is é an Dochtúir Ciarán Ó Coigligh, ó Roinn na Gaeilge, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, an Cathaoirleach. Cheap mé an Dochtúir Ó Coigligh ar an gcéad lá de Mheán Fómhair. Bíonn dhá chruinniú ag an gCoimisiúin in aghaidh na bliana de ghnáth.

Tá ceist an Bhrainse Logainmneacha agus an Choimisiúin Logainmneacha faoi chaididil agam le tamall anuas. Táim tar éis a mholadh don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Síle de Valera, TD, go n-aistreofaí cúram an Bhrainse Logainmneacha go dtí a roinn sise. Tá curtha in iúil aicise go bhfuil sí sásta glacadh leis an gcúram sin. Tá ról an Bhrainse Logainmneacha, agus ról an Choimisiúin Logainmneacha dá réir, á phlé ag mo Roinnse leis agus ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Bunaíodh Grúpa Oibre chuige seo agus táthar ag súil le Tuarascáil uathu go luath san athbhliain.

Top
Share