Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Feb 1999

Vol. 499 No. 4

Written Answers. - Oibreacha Práinneacha.

Dinny McGinley

Question:

149 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an eol í an dochar mór atá déanta do na ballaí cosanta ar Oileán Thoraí le linn an gheimhridh, go speisialta ag an Bhaile Thiar; agus an gcuirfidh sí deontas ar fáil le haghaidh oibreacha práinneacha cosanta a thógáil gan mhoill. [2857/99]

Tá mo Roinn ag déanamh fiosruithe faoi láthair maidir leis an dochar atá luaite ag an Teachta. Tá tuairisc iarrtha ar an gComhairle Chontae agus má tá oibreacha práinneacha i gceist cuirfear san áireamh iad nuair atá clár oibre mo Roinnese do 1999 á mheas. Tá súil an clár oibre seo a bheith réidh go luath.

Top
Share