Is dóigh liom go bhfuil dhá rud ráite ag an Teachta atá glan contráilte dá chéile. Glacaim leis ó thaobh airgid de gur tairbhí i bhfad don Ghaeltacht lóistín agus tithe ósta. Mar nuair a thagann daoine go dtí teach saoire ní bhíonn aon bhaint acu le muintir na háite. Ach caithfidh duine glacadh leis freisin, ó tharla go bhfuil i bhfad níos mó cumarsáide daonna i dteach lóistin nó i dteach ósta leis an phobal áitiúil, gur mó an tionchar teanga a bheadh á imirt ag na stráinséirí sa chás sin ná mar a bheadh dá mbeidís ag teacht go teach saoire, áit nach mbeidís ag plé leis an phobal. Ní féidir leis a bheith ag dul ar an dá bhealach. Mar a mhínigh me cheana, taréis go mb'fhéidir go n-aontaím leis i gcuid de na rudaí atá ráite aige, dá mbeadh ceist tógtha ag an Roinn is ar bhonn teanga a chaithfimis í a thógáil. Níl aon fheidhm againn taobh amuigh de sin.
Maidir leis an ngeallúint a d'iarr tú orm, níl mé chun an gheallúint sin a thabhairt inniu don Dáil. Mar a mhínigh mé dó cheana, tá aighneachtaí déanta go hinmheánach againn. Is ceist don Aire Comhshaoil ag an deireadh an rud seo a thógaint go dtí an Rialtas agus is ceist don Rialtas cinneadh a dhéanamh.
Dúirt mé leis an Teachta cheana go bhfuil pleanáil go ginearálta mar údar imní dom sa Ghaeltacht agus go bhfuil comhráití taréis a bheith idir an dá Roinn faoin cheist seo. Ach chomhairleoinn dó gurb é an rud gur chóir do Chomhairle Chontae Chiarraí a dhéanamh ná Corca Dhuibhne agus Uibh Ráthach a chosaint mar Ghaeltachtaí agus tá an bun-fhreagracht sin orthu. Lab hartar go minic sa tír seo faoi faoi cumhachtaí a thabhairt do na húdaráis áitiúla. Sin an áit ar cheart an job seo a bheith déanta. Ní fhéadfadh an Teachta rud níos fearr a dhéanamh ná áiteamh ar mhuintir Chiarraí, na daoine áitiúla, breathnú ar phlean Chontae na Gaillimhe agus na srianta atá curtha i bhfeidhm do na ceantair Ghaeltachta agus do na ceantair fíor álainne, a léamh agus cuid de na rudaí fíor-chiallmhaire a chuiremar isteach i bplean Chontae na Gaeillimhe a thógaint ar bord. Dá mbeadh siad sin ann ní bheadh an fhadhb ann.