Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 3 Feb 1999

Vol. 499 No. 4

Written Answers. - Ciste na Gaeilge.

John Gormley

Question:

57 D'fhiafraigh Mr. Gormley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán ar ceadaíodh an t-iomlán de Chiste na Gaeilge mar dheontais i gcabhair do 1997 agus do 1998; má ceadaíodh, ar íocadh an t-iomlán sin i rith na bliana cuí; murar íocadh, cá mhéad den airgead sin a mheasann an tAire a íocfar agus cá mhéad nach n-íocfar de bharr tograí gan a beith ag dul ar aghaidh; agus, murar ceadaíodh an t-iomlán de Chiste na Gaeilge sna blianta cuí, céard a rinneadh leis an tsuim nár ceadaíodh. [2769/99]

Ar an gcéad dul síos is mian liom a rá, ar eagla aon mhíthuisceana, nár tugadh aon airgead a bhí in áirithe i Vóta mo Roinnse do Chiste na Gaeilge ar ais don Státchiste sna blianta i gceist. Is suimeanna £2,425,000 agus £2,759,000 faoi seach a bhí i Vóta na Roinne i 1997 agus 1998 le haghaidh Ciste na Gaeilge agus aistríodh na suimeanna sin in iomlán ón Vóta isteach sa Chiste. Íocadh deontais dar luach £2,515,126 ón gCiste sa bhliain 1997. Bhain méid áirithe den tsuim sin le deontais a ceadaíodh i mblianta roimhe sin. Cuireadh deontas dar luach £5,789 ar ceal i rith 1997 agus bhí an tsuim sin ar fáil don Chiste le ceadú le haghaidh tograí eile.

I 1998 íocadh deontais dar luach £2,649,844 ón gCiste. Cuireadh deontais dar luach £18,950 ar ceal anuraidh agus bhí an tsuim sin ar fáil don Chiste le ceadú le haghaidh tograí eile.

Tá soláthar de £3.250m i bhfomhírcheann J i mbliana agus bhí suim de £346,044 fágtha i gCiste na Gaeilge ag 1 Eanair 1999. Fágann sé sin £3,596,044 in iomlán le caitheamh i mbliana. Ag deireadh 1998 bhí suim de £503,743 geallta i leith tograí a bhí ceadaithe cheana féin agus a d'fhéadfadh teacht chun aibíochta le haghaidh íocaíochta i 1999. Chun críche na suime geallta de £503,743 thuas is cúnamh atá ceadaithe do 1999 amháin atá tógtha san áireamh. Fágann sé sin go bhfuil suim de £3,092,301 le dáileadh i mbliana.
Top
Share