Written Answers. - Scéim na mBóithre Áise.
Pádraic McCormack
Question:
92
D'fhiafraigh
Mr. McCormack
den
Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán
cén méid airgid a tugadh do gach Gaeltacht faoi scéim na mbóithre áise i 1998; an chaoi ar toghadh gach ceann; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith.
[6902/99]
Is suim £500,000 a bhí ar fáil dom faoi scéim na mbóithre áise i 1998. Roinneadh an soláthar sin de réir daonra na Limistéar Gaeltachta sna contaetha Gaeltachta éagsúla mar a leanas:
Contae
|
Soláthar (a)
|
Caiteachas go 31-12-98
|
|
£
|
£
|
Dún na nGall
|
139,000
|
139,000
|
Maigh Eo
|
66,000
|
66,000
|
Gaillimh
|
207,000
|
(b) 190,000
|
Ciarraí
|
47,000
|
46,845
|
Corcaigh
|
21,000
|
18,300
|
Port Láirge
|
10,000
|
9,640
|
An Mhí
|
10,000
|
(c) 15,000
|
An tIomlán
|
500,000
|
484,785
|
(a)Rinneadh coigeartú beag ar na suimeanna i gceist le go bhfeadfar suim £10,000 a chur ar fáil i gcás na gcontaetha le daonra beag (An Mhí agus Port Láirge).
(b)Tá oibreacha fós le críochnú.
(c)Bhain £10,000 den chaiteachas le hoibreacha a raibh cúnamh ceadaithe ina leith faoin scéim i 1997.
D'ullmhaigh Stiúrthóirí Áitiúla mo Roinne-se, tar éis dóibh dul i gcomhairle leis na comhairlí contae iomchú, na liostaí bóithre bunaithe ar na critéir seo, go mbéadh an bóthar ag freastal ar a laghad ar theach cónaithe amháin móide úinéir talún amháin; i gcás bóithre portaigh go mbéadh an bóthar ag freastal ar a laghad ar 20 líon tí; riachtanas; costas; agus stádas na Gaeilge sa cheantar.
Toisc go raibh sábháil i gcodanna eile de Vóta mo Roinne-se, bhí ar mo chumas soláthar breise a chur ar fáil do scéimeanna feabhsúcháin sa Ghaelacht ag druidim le deireadh na bliana anuraidh. As an soláthar sin, ceadaíodh cúnamh i leith tograí éagsúla tar éis dul i gcomhairle leis na comhairlí contae iomchuí. As an gcúnamh a ceadaíodh, íochadh £210,000 san iomlán i leith bóithre áise, mar a leanas:
Contae
|
|
|
£
|
Dún na nGall
|
51,000
|
Maigh Eo
|
*3,000
|
Gaillimh
|
94,400
|
Ciarraí
|
48,000
|
Corcaigh
|
14,000
|
Port Láirge
|
–
|
An Mhí
|
–
|
Iomláin
|
210,400
|
*Ceadaíodh cúnamh £36,800 ach níor eílíodh ach £3,000 roimhe deireadh 1998.