Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 9 Mar 1999

Vol. 501 No. 6

Written Answers. - Staitisticí Teanga.

Trevor Sargent

Question:

98 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén sórt critéar teanga don Ghaeltacht a bheidh i gceist aici san athbhreithniú ar limistéir na nGaeltachtaí atá ar siúl; agus an mbeidh aitheantas mar Ghaeltacht ag aon phobail atá sa Ghalltacht faoi láthair ach atá ag cur na Gaeilge chun cinn go héifeachtach. [6859/99]

Tá plé ar siúl agam fós faoin gceist seo le hoifigigh mo Roinne agus tá tuilleadh eolais iarrtha agam ón bPríomhoifig Staidrimh d'fhonn soiléiriú níos mó a fháil ar staitisticí teanga ón daonáireamh is déanaí. Go ginearálta, áfach, tabharfaidh na critéir teanga suntas do líon na gcainteoirí Gaeilge i gceantar ar bith, don ghá gan phobail a roinnt ó thaobh stádas teanga de agus do chúinsí eile iomchuí.

Top
Share