Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 29 Apr 1999

Vol. 504 No. 1

Written Answers. - Teilifis sa Spidéal

Pádraic McCormack

Question:

43 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an ndéanfaidh sí ráitéas faoi dheacrachtaí a bhí ann le déanaí maidir le córas séarachais ag foirgneamh teilifíse sa Spidéal, Contae na Gaillimhe; agus cad atá i gceist aici a dhéanamh faoin gcóras seo amach anseo. [11063/99]

Ar an gcéad dul síos, is ceist í seo d'Údarás na Gaeltachta agus tionóntaithe an fhoirgnimh. É sin ráite, áfach, tuigim ón údarás gur ghníomhaigh an tionónta i bpáirt leis an údarás go tapaidh agus go héifeachtach i gcomhairle le húinéirí talún in aice láimhe agus le húdaráis chuí eile nuair a tháinig an fhadhb seo chun solais d'fhonn an dochar a tharla a leigheas agus chun a chinntiú nach dtárlódh fadhb dá leithéid arís.

Top
Share