Baineann an cheist atá árdaithe ag an Teachta le gnáth-fhreagrachtaí Údarás RTÉ ó lá go lá agus níl aon fheidhm reachtúil agam sa chás.
Mar sin féin, tá mé sásta, i gcomhréir le sean-chleachtais, eolas atá faighte agam ó RTÉ, mar fhreagra ar cheisteanna sonracha a cuireadh orthu i ndáil le feabhas a chur ar an bhfáil atá ar sheirbhísí chraolacháin náisiúnta RTÉ, a chur ar fáil don Teach.
Tuigim ó RTÉ go raibh i gceist, sular cuireadh tús le Teilifís na Gaeilge, tarchuradóir a lonnú ag an bhFál Carrach agus go raibh dhá láithreán aimsithe i gceantar Chloich Cheann Fhaola ach gur diúltaíodh cead pleanála ar dhá ócáid ar leith.
Tuairiscíonn RTÉ anois go bhfuil cead pleanála faighte acu don tríú láithreán agus go gcuirfear tús leis an obair chun an tarchuradóir a lonnú ann go luath. Nuair a bheidh an obair sin críochnaithe deir RTÉ go mbeidh teacht ag lucht féachana Chloich Cheann Fhaola ar chláracha Theilifís na Gaeilge.