Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 15 Jun 1999

Vol. 506 No. 2

Written Answers. - Deontas a Cheadú.

Dinny McGinley

Question:

338 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil deontas á cheadú le hoibreacha práinneacha a dhéanamh ag an gcé ag Leab Garbh, Árainn Mhór; cén uair a chuirfear tús leis an obair; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [15083/99]

Tá iarratas faighte ag mo Roinnse ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar chúnamh chun móroibreacha a chur i gcrích ar na saoráidí calaíochta ag Leab Garbh, Árainn Mhóir, ar chostas measta de £975,000. Tá an t-iarratas seo á mheas faoi láthair agus táthar ag súil go ndéanfar cinneadh air go luath.

Top
Share