Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 30 Jun 1999

Vol. 507 No. 3

Written Answers. - Creimeadh Cósta.

Eamon Gilmore

Question:

171 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sí in ann airgead a chur ar fáil le cosaint a thabhairt ar chreimeadh cósta ag Tráigh an tSéipéil, Árainn Mhór, Contae Dhún na nGall.. [16802/99]

Tuigim go bhfuil fadhb maidir le creimeadh chósta ar Oileán Árainn Mhóir mar atá ar roinnt mhaith oileáin eile. Níl meastachán sonrach faighte agam ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall i leith na n-oibreacha atá i gceist ag an Teachta. Ach é seo a bheith faighte, déanfar an cás a mheas i gcomhthéacs iarratais eile agus an tsoláthair airgid atá ar fáil dom.

Top
Share