Sé mo rúnsa a dhéanamh cinnte go mbeidh an Bille ina Acht sula dtiocfaidh deireadh leis an Dáil seo. Is rud nua-chum tha ar fad a chaithfidh a bheith ann mar níl a mhacsamhail mar staid teanga in aon tír eile.
Sa Bhille Oideachais, ar ndóigh, bhí soláthar faoi leith ann don chéad uair maidir le hoideachas Gaeltachta agus tá dream daoine le teacht le chéile chun breathnú i ndiaidh na ceiste sin. Tá mé féin ag tabhairt cúnaimh nach beag d'eagraíocht na scoileanna Gaeltachta le go mbeidh siad in ann tionchar a imirt ar an ngrúpa sin.
Maidir le ceist na logainmneacha tá áthas orm go bhfuil brainse na logainmneacha aistrithe go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Tá i gceist tabhairt faoin obair sin freisin.
Luadh ceisteanna eile. Luadh, mar shampla, pleanáil sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom a rá anseo gan faitíos go bhfuil neamh aird iomlán déanta ag Comhairlí Chontae ar cheisteanna Gaeilge mar shlat tomhais pleanála sa Ghaeltacht. Nuair a bhí mise ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe chuir-eamar forálacha istigh i bplean an chontae maidir leis an nGaeilge. Caithfidh mé a rá nach gcreidim go bhfuil siad á bhfeidhmiú ach táid ann. Chuir na Comhairleoirí, go mór mhór na Comhairleoirí Gaeltachta, ann iad.
Ach frí chéile níor thug na Comhairlí Chontae aon aird ar an cheist seo. Ach is cúis áthais dom sa Bhille Pleanála a foilsíodh le gairid go bhfuil don chéad uair soláthar teanga mar cheann de na rudaí gur féidir a chur san áireamh i gcúrsaí pleanála. Is céim an-mhór chun cinn í seo.
Nuair a chuirtear na rudaí seo ar fad le chéile feictear thar réimse leathan de bhillí agus thar ranna stáit go bhfuil rudaí ar bun.
Chaithfinn a rá nach dtagaim leis an dTeachta Ó hUiginn i rud amháin agus dúirt mé é seo leis cheana. Má chuirim dhá rud taobh le taobh agus má bhreathnaím orthu mar thionchar ar an nGaeilge is measa dar liomsa i bhfad na scéimeanna tithíochta seo a bhfuil buan-chomhnaí iontu agus is mó i bhfad an dochar a dheineann siad do staid na teanga sa Ghaeltacht ná aon teach saoire. Tá mo dhearcadh féin agam i dtaobh pleanála maidir le tithe saoire. Éinne a bhreathnaíonn ar thaifeadadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe gheobhaidh siad amach nuair a bhí mé ann gur chuir mé deireadh leo amuigh faoin dtuath. Ach ó thaobh na teanga de caithfimid a thuiscint gurb é an bagairt is mó ná scéimeanna tithíochta agus tithe á ndíol scun scan ar dhuine ar bith agus grúpaí móra daoine ag teacht chun comhnaithe buan i gceantair láidir Gaeilge.
Tá mé ag díriú ar an cheist sin agus tá sí pléite agam le hÚdarás na Gaeltachta. Baineann sé go mór le cúrsaí pleanála. Tá cúpla sampla an-spéisiúil de sin ann agus cúpla iarratas an-spéisiúil i gCorca Dhuibhne i láthair na huaire. Is ceist í seo go gcaithfimid breathnú go géar uirthi.
Maidir le bun-struchtúr na Gaeltachta, tagann sé sin go bunúsach faoin Roinn agus tá obair nach beag déanta ag mo Roinnse le cúpla bliain i dtaobh bóithre agus céibheanna agus táimid i dteangbháil le haonaid stáit eile ar nós Bord Soláthar an Leictreachais, Telecom Éireann etc maidir le bun-seirbhísí.
Tá sé fíor-thábhachtach de réir mar atá forbairt á dhéanamh ar na rudaí seo go mbeadh an oiread dul chun cinn á dhéanamh ag na Gaeltachtaí agus atá á dhéanamh sa chuid eile den tír.
Tá rún agam críochnú más féidir liom ar ceathrú chun a chúig agus mar sin déanfaidh mé iarracht díriú ar chuid de na ceisteanna a ardaíodh. Go ginearálta ardaíodh ceisteanna faoi monarchana éagsúla. Chaithfinnse a rá cé go mbéinn gearánach ó thráth go chéile faoi rudaí áirithe atá déanta ag an údarás. Is dóigh liom go ginearálta áfach má chuireann tú na ceantair Ghaeltachta i gcomparáid le ceantair teorannach leo sa Ghalltacht ó thaobh na tionsclaíochta de go bhfuil an Ghaeltacht ag déanamh níos feárr de bharr an údaráis a bheith ann.
Maidir le ceist an Bhlascaoid, agus d'iarr an Teachta Joe Higgins orm freagairt dó seo go sonrach, ceist í seo go mb'fhéidir nach bhfuil an oiread rud agamsa dí agus a bheadh ag an Teachta Ó hUiginn. Is tábhachtaí domsa na Gaeltachtaí in a bhfuil daoine fós ag labhairt Gaeilge ionntu. Is é an chéad chloch ar mo phaidrín, mar dhuine a bhfuil comhnaí air sa Ghaeltacht agus a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáth theanga, ná na Gaeltachtaí atá beo, na hoileáin ar a bhfuil daoine fós ag labhairt Gaeilge ionntu. Cuirim iad sa chéad áit. Dá mbeadh rogha agamsa amárach idir Oileán Thoraigh, Inis Oírr, Inis Meán, Inis Mór agus an Blascaod chuirfinn na hoileáin a bhfuil an teanga beo fós orthu i bhfad chun tosaigh ar an iarsmalann marbh. Is é an job atá le déanamh agamsa mar Aire Stáit agus an cúram atá orm ná déanamh cinnte nach Blascaoidí uilig ó thaobh na teanga de a bheidh sna Gaeltachtaí.
Tá mé ag leagadh amach mo thosaíochtaí.
D'fhiafraigh an Teachta Kenny díom an bhféadfainn liosta de na bailte fearann a mbeidh vóta acu i dtoghcháin an údaráis a thabhairt dó. Déanfaidh mé cinnte go mbeidh cóip ar fáil. Is rud úsáideach é sin nuair a bheidh plé á dhéanamh ar theorannacha na Gaeltachta, ar thodhchaí na Gaeltachta agus ar cén caoi is féidir cur chuig an cheist acrannach seo a réiteach.
Maidir leis an Choiste Meastóireachta, creidim féin go bhfuil míthuiscint faoi cad tá i gceist anseo. An chúis go bhfuil an Coiste Meastóireachta ann ná go dtí seo idir £1.6m agus £2.4m bhí cead an Aire ag teastáil. Ba é mo bharúil ar an cheist seo, mar dhuine a bhíodh ag cur iarrataisí isteach go dtí an t-údarás, go mba rud contráilte ar fad é cead an Aire a fháil. Mar gurb é an rud a tharlaíodh ná go dtagfadh an rud go dtí Roinn agus d'fhéadfá a bheith ag fanacht ceithre nó cúig nó sé mhí sula dtiocfadh an rud chomh fada leis an Aire. Cheap tú nuair a bhí an rud ceadaithe ag an mBord go raibh rith an ráis leat, go bhféadfá dul ar aghaidh leis an togra agus fuair tú amach ansin go raibh cead an Aire ag teastáil. Agus théadh an rud go ranna stáit eile freisin, An Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta mar shampla. Faoin am go raibh cinneadh déanta ag an Aire – ach ní hé an tAire ann féin a bhí ag déanamh cinnidh i bhfolús. Bhí cuid mhór moille á chur air. Shíl mise go mb'fhearr i bhfad an leagan amach fadálach sin a ghiorrú. In ionad a bheith ag dul, tar éis chinneadh an údaráis, go dtí na heagraíochtaí seo go mb'fhearr i bhfad coiste a chur ar bun taobh istigh den údarás chun na tograí seo os cionn £1.6m agus déanfaimid cinneadh ar an bpointe agus beidh inchur ag baill an údaráis nuair a bheas an cinneadh á dhéanamh agus mar sin ní féidir a bheith ag cur ina aghaidh ó i bhfad. Ó thaobh éifeachta cinnidh de, beidh sé seo i bhfad níos fearr.
Maidir le Gaeilge a bheith ag na baill anseo, an fáth a bhfuil sé sin leagtha síos ná le baill tofa an údaráis tá sé suas don phobal, na daoine a ainmneoidh an tAire, ar ndóigh ainmneoidh Aire Gaeltachta daoine le Gaeilge. Maidir le foireann an údaráis, is ceist don údarás é. Bhí faitíos orainn ó tharla go raibh ainmniúcháin le teacht ón taobh amuigh nach gceapfaí Gaeilgeoirí agus is le teacht aniar aduaidh ar sin atá an coinníoll sin ann.
Ardaíodh ceisteanna mar gheall ar na coistí reígiúnacha agus tá freagraí na gceisteanna siúd le fáil san Acht. Faoin seanAcht d'fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh ach beirt ar choiste réigiúnach – toghadh beirt ar a laghad i chuile ceantar ach d'fhéadfadh go mba leor duine amháin chun cinneadh a dhéanamh mar ní raibh aon chuóram reachtúil ann. Má bhreathnaítear ar an struchtúr nua, caithfidh ceathrar ar a laghad a bheith ar an gcoiste agus chomh maith leis sin, tá sé leagtha síos sa Bhille go gcaithfidh mórlach acu, sé sin triúr ar a laghad, a bheith i láthair chun aon chinneadh a dhéanamh.
Is chuige sin go bhfuil an fhoráil sin san Acht, chun na rudaí neamhshásúla a bhí ag tarlú a stopadh. Mar sin tá cinneadh ciallmhar anseo a chuireann deireadh leis an gcineál rud a luaigh an Teachta Ó hUiginn. Dá dtarlódh sé gur chinn an t-údarás an iomarca cumhachta agus freagrachta a thabhairt do na coistí réigiúnacha seo, is féidir leis an Aire srian a chur leis an méid caiteachais is féidir le coiste réigiúnach a cheadú. Is dóigh gur glanadh suas é seo ar roinnt laigí a bhí ann. Ach níl aon srian ar an údarás maidir le haon choiste eile a cheapadh, comhairlí pobail san áireamh, má thograíonn siad, ach sin ceist eile.
Tá cumhacht ghinearálta á thabhairt maidir le hordacháin. Glanadh suas is ea cuid de sin maidir le hamhras éigin a bhí ann maidir leis na hordacháin agus cuid eile de, is rud sonrach atá ann. Má tá muide tofa sa Teach seo agus Rialtas tofa leis an tír a stiúradh go mba cheart go mbeadh cumhacht ag an Aire ordacháin ghinearálta a thabhairt le déanamh cinnte de go bhfuil polasaí an údaráis ag teacht le polasaí an Stáit. Ní thagaim leis an smaoineamh go mba cheart go mbeadh na dreamanna go léir atá amuigh ansin in ann neamhaird a thabhairt ar an Rialtas agus ar an Oireachtas. Ní cumhacht é a d'úsáidfí ó lá go lá.
Chuir mé ceist ar an údarás ar theastaigh aon chumhachtaí breise uathu agus dúirt siad faoin Acht mar atá sé, rud atá ceart, go bhféadfadh an Rialtas beagnach aon chumhacht is maith leo a thabhairt dóibh. B'fhéidir gur rud é nár rinneadh ach níl aon laincis nó srian san Acht – is srian gníomhaíochta atá ansin agus mar sin níl aon ghá leis an Acht a athrú le cumhachtaí breise a thabhairt.
Maidir le ballraíocht an bhoird, ba mhaith liom moladh a thabhairt don Teachta Ó hUiginn anseo. Nuair a cheap seisean Cathaoirleach ar an mbord don uair dheiridh cheap sé duine a bhí neamhspleách ar aon cheantar agus a bhí ann don Ghaeltacht uilig. Tá an chontúirt ann, de bhrí go bhfuil an Ghaeltacht chomh scoite, dá mbeadh na baill ag ceapadh Cathaoirleach go bhféachfaí air mar dhuine a raibh taobhú éigin le ceantar amháin. Mar sin tá ciall le Cathaoirleach a bheith á cheapadh ag an Aire. Tá sé ráite go soiléir sa mBille nach féidir le duine a sheas sa toghchán a bheith ceaptha mar Chathaoirleach agus mar sin ní féidir le duine a theip air sa toghchán teacht go ceann an bhoird.
Is féidir linn líon na mball a phlé ag Céim an Choiste ach tá míniú an-simplí ar an uimhir. Ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh an bord ró-mhór ach go mbeadh ceathrar ar a laghad i chuile réigiún mar ní fhéadfadh bord réigiúnda feidhmiú le níos lú.
Maidir le scéimeanna EU, faightear airgead díreach uaidh agus faightear airgead EU eile ón Stát – tá soláthar sa Bhille seo don dá rud.
Maidir leis an toghchán a chur siar, tá mo thuairim nochtaithe agam faoi go poiblí. Níl i gceist agamsa aon leasú a chur síos ar sin, ach má theastaíonn ó bhaill an fhreasúra leasú a chur síos beidh mé sásta é a phlé amach go hiomlán agus a mhíniú cén fáth go gcreidim nach é leas an údaráis ná leas phobal na Gaeltachta na toghcháin seo a chur siar níos faide.
Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an leas-Cheann Comhairle as a bheith flaithiúil leis an am agus tá súil agam gur fhreagair mé bunáite na gceisteanna a tógadh. Tá mé fíorbhuíoch le chuile dhuine a ghlac páirt sa díospóireacht bhríomhar oscailte seo agus tá mé ag tnúth lena leithéid chéanna ag Céim an Choiste den Bhille.