Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Oct 1999

Vol. 508 No. 5

Ceisteanna–Questions Priority Questions - Foclóir Gaeilge.

Brian O'Shea

Question:

6 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén obair atá déanta aici chun foclóir cuimsitheach Gaeilge a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19139/99]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 2 den 29 Aibreán 1999 uaidh. Níl aon rud le cur agam leis an bhfreagra sin ag an bpointe seo.

An nglacann an tAire Stáit leis go bhfuil sé thar a bheith práinneach go mbeadh foclóir cuimsitheach suas chun dáta ar fáil? Is é atá i gceist agam ná go mbeadh foclóir amháin Gaeilge-Béarla agus foclóir eile Béarla-Gaeilge ar fáil. Tá an-chuid téarmaí nua ag teacht isteach sa teanga agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbéadh sé ar chumas macléinn dul chuig leabhar cuimsitheach foirimiúil chun an téarma oifigiúil a fháil. Níl sé sásúil go bhfuil cuid mhaith téarmaí ann nach bhfuil ar fáil in aon fhoclóir go dtí seo.

Glacaim leis sin. Mar a dúirt mé cheana, tá an príomhfhreagracht maidir leisi an gceist seo ar an Roinn Oideachais. Ceann de na feidhmeanna a bhí á leagadh ar an mBord Tras Teorann ná go mbéadh téarmaíocht agus ceist fhoclóra mar chúram orthu. Tá súil agam mar sin chomh fada agus a bhaineann sé leis an cheist seo, go gcuirfear na forais tras teorann ar bun go luath.

Ní dóigh liom go bhfuil sin sásúil. Nuair a bhí díospóireacht againn inné ar Bhille tháinig ceist suas nach bhfuil na Ranna Stáit ag comhoibriú lena chéile i dtaobh na Gaeilge de. Tá sé thar a bheith práinneach go ndíreodh an Rialtas ar an cheist seo. De réir mar a thuigimse ón méid atá ráite ag an Aire Stáit ní thárlóidh faic sa chéad seo nó go ceann tamaill fada sa chéad chéad eile. Tá an-chuid focal nua tagtha isteach sa teanga agus fós beimid gan aon fhoclóir nua-aimseartha.

Tá sé éasca a rá anois nach dtárlóidh aon rud sa chéad seo. Sin an bhliain seo agus tuigeann gach éinne é sin. Glacaim go bhfuil an cheist práinneach. Ní bhaineann an príomhfhreagracht leis an Roinn seo ach leis an Roinn Oideachais. Bhí sé i gceist tabhairt faoin cheist seo agus na hacmhainní a chur ar fáil chuige nuair a bhunófaí an Foras Thuaidh-Theas. Creidim, ó thárla go bhfuilimid fós ag súil go nglacfar le toil phobal na hÉireann, agus go gcuirfear Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm go hiomlán, nach fiú tabhairt faoi struchtúr ollnua a bhunú agus súil againn as seo go deireadh na bliana, go mbeidh na forais tras-teorann á mbunú. Ní bheinnse gan dóchas mar creidim an Seanadóir Mitchell sa tír seo leis an bhfadhb sin a réiteach.

An féidir leis an Aire Stáit a rá an bhfuil suim ag an Aire Oideachais sa job seo?

Tá an-spéis ag an Aire Síle de Valera, ag an Aire Stáit Éamon Ó Cuív agus ag an Aire Oideachais Ó Máirtín sa cheist seo. Mar a deirim chuireamar struchtúr in áit, rud nach ndearna an Rialtas romhainn. An t-aon bhac a bhí le dul ar aghaidh an struchtúir sin ná nár thángthas ar chomhaontú maidir le bunú an fheidhmeannais ó thuaidh. Le cúnamh Dé réiteofar é seo an mhí seo agus sílim go bhfuil sé ráite ag an Seanadóir Mitchell nach bhfuil sé chun fanacht ann go deo agus, mar sin, beidh freagra na ceiste againn go luath. Más rud é go dtárlaíonn sé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal nach mbunófar an feidhmeannas agus na forais tras-teorann beidh orainn gníomhú ar bhealach éigin eile. Ach sílim féin go mb'fhearr fanacht go dtí deireadh na míosa seo.

Top
Share