Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Oct 1999

Vol. 508 No. 5

Ceisteanna–Questions Priority Questions - Departmental Funding.

Liz McManus

Question:

7 D'fhiafraigh Ms McManus den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an mbeidh fuílleach airgid ag an Roinn ag deireadh na bliana maidir le scéimeanna infrastruchtúir sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19172/99]

Tá an soláthar airgid atá ar fáil i mbliana faoi Scéimeanna Feabhsúcháin mo Roinnse chun infrastruchtúr sa Ghaeltacht a fheabhsú agus a fhorbairt dáilte cheana féin. É sin ráite, má tharlaíonn go mbeidh sabháil i bhfó-mhíreanna eile de Vóta mo Roinnse roimh dheireadh na bliana agus má thagann tograí oiriúnacha chun cinn a d'fhéadfaí a chur i gcrích sa bhliain reatha déanfar na tograí sin a mheas.

Ba mhaith liom a chur i gcuimhne don Teachta gur cheadaigh mé cúnamh substaintiúil breise de £1.707m le fíorghairid chun bóithre straitéiseacha sa Ghaeltacht a fhorbairt – anuas ar an bunsoláthar de £3.2m a bhí ar fáil dom le haghaidh na Scéimeanna Feabhsúcháin.

Faoi mar is eol don Teachta tá cúram na n-oileán ar mo Roinnse ó mhí Iúil 1997 agus tá ciste ar leith ar fáil dom d'fhorbairt na nOileán. Faoin soláthar airgid sin tá cúnamh substaintiúil ceadaithe agam chun infrastruchtúr na n-oileán Gaeltachta a fhorbairt.

Bhí fuílleach airgid ann ag deireadh na bliana seo caite. Má thárlaíonn an rud céanna i mbliana conas is féidir le pobail éagsúla sa Ghaeltacht nó ar oileáin cur isteach ar an bhfuílleach sin?

Tá na hiarratais istigh agus glactar le hiarratais go leanúnach. Tá na hiarratais á mheas agus á gcur in ord tosaíochta an t-am ar fad. Má bhíonn airgead breise ann bainfear den liosta de réir an ord tosaíochta atá ann cheana féin. Tá an t-ord tosaíochta sin bunaithe ar cé chomh dona is atá an bóthar, faid an bhóthair, an méid daoine atá ina gcomhnaí ar an mbóthar, aois na ndaoine sin agus rudaí mar sin.

Chomh maith leis sin déanaimid obair ar scéimeanna athnuachana baile i gcomhairle leis na comhairlí contae agus arís is i gcomhairle leis na comhairlí contae a oibrítear amach cad iad na scéimeanna a dhéanfar forbairt orthu.

An tríú rannóg Gaeltachta a roinntear airgead orthu ná rudaí ar nós cosáin áit a bhfuil Coláiste Gaeilge ann, nó bóithre a bhfuil tábhacht leo nach bóithre áise iad, mar shampla, bóithre ag dul isteach ag áiseanna pobail – reiligí, céibheanna agus mar sin de. Déantar iad sin a mheas ag oifigí na Roinne; téann siad i gcomhairle leis an Chomhairle Chontae agus bíonn pleananna faoi réir i gcomhnaí ag an Roinn maidir le caiteachas airgid má bhíonn sé ar fáil. Is í an t-aon fhadhb a bhíonn ann an t-am ar fad ná go bhféadfaimis níos mó airgid a chaitheamh dá mbeadh sé againn. Tuigeann gach duine é sin. Tá an t-uafás déanta le dhá bhliain anuas.

An bhfuil an tAire Stáit ag súil le fuílleach airgid a bheith ann i mbliana? An bhfuil an ceart agam glacadh ón méid atá ráite aige go dtí seo nach mbeidh sé ag féachaint ar iarratais nua ach ar na cinn atá istigh faoin am seo?

Táimid ag scrúdú an t-am ar fad idir na vótaí éagsúla atá taobh istigh den Roinn agus go mór mór taobh istigh den taobh Gaeltachta agus Oileán den Roinn ag déanamh cinnte go n-úsáidfear an t-airgead agus ag féachaint chuige maidir leis na tograí móra cé chomh scioptha is atá siad ag dul ar aghaidh agus an úsáidfear an soláthar atá curtha ar fáil dóibh i rith na bliana. Má thárlaíonn sé go mbeidh airgead ann is féidir glacadh leis go mbreathnófar ar na hiarratais ar fad atá istigh agus go ndéanfar cinntí de réir ord tosaíochta. Ach tá an oiread sin iarratas fiúntacha i lámha na Roinne faoi láthair mar nár caitheadh aon airgead ar bhóithre áise le linn an chúpla bliain deireannacha den rialtas deireannach, go bhfuil dóthain iarratas ann le h-aon soláthar airgid atá ar fáil ag mo Roinnse a úsáid agus breis.

Top
Share