Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Oct 1999

Vol. 508 No. 5

Ceisteanna–Questions Priority Questions - Deontais Feabhsúcháin.

Dinny McGinley

Question:

9 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais d'obair feabhsúcháin agus forbartha ag Cé Mhachaire Rabhartaigh, Dún na nGall; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19121/99]

Níl aon iarratas faighte ag mo Roinn-se ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar chabhair chun na saoráidí calaíochta ag Machaire Rabhartaigh a fhorbairt. Tuigim, áfach, go bhfuil roghanna éagsúla maidir le forbairt na saoráidí calaíochta sin molta ag comhlacht comhairleoireachta a d'fhostaigh an Chomhairle Contae agus go bhfuil an Chomhairle ag scrúdú na roghanna sin faoi láthair. Ach iarratas a bheith fáighte ón gComhairle Contae déanfar é a mheas sa ghnáthbhealach.

Tá súil agam go dtuigeann an tAire an tábhacht mhór a bhaineann le calafort Mhachaire Rabhartaigh. Ní amháin go ndéanann sé freastal ar riachtanaisí na n-iascairí san áit ach téann daoine ón gcalafort seo go dtí Oileán Thoraigh agus go hInis Bó Finne. Níl cúrsaí ansin inghlactha mar atá siad i láthair na huaire. Tá dianghá le hobair fhorbartha ann gan mhoill. Tá an cheist ag dul ar aghaidh bliain i ndiaidh bliana gan réiteach. Tá sé cúpla bliain ó bhí an tAire Stáit a bhí ann ag an am, an Teachta D. Carey, ar cuairt ann. Tá an tAire Stáit ina phost le dhá bhliain agus cuireann sé iontas mór orm nach bhfuil iarratas tagtha ón Roinn le cuidiú a chur ar fáil chun forbairt a chur ar bun ag an gcalafort seo. Iarraim air gach iarracht a dhéanamh an t-iarratas a chur isteach sa chaoi is gur féidir dul ar aghaidh láithreach leis an obair. Ar mhaith leis an Aire Stáit cuairt a thabhairt ar an áit go bhfeicfidh sé cé chomh heasnamhach is atá rudaí ansin, muna bhfuil sé déanta cheana féin aige?

Bhí mé i Machaire Rabhartaigh tá blianta fada ó shin ach de réir mar a thuigim, níor tháinig aon athrú ar an scéal ó shin. Ach ní féidir liom imirt gan liathróid, agus go dtí go bhfaighim plean ón gcomhairle contae, níl tada gur féidir liom a dhéanamh.

Tá Comhairle Contae Thír Chonaill tar éis a bheith an-comhoibritheach liomsa ó ceapadh mé mar Aire Stáit. Tá na céibheanna neamhgharbha dulta ar aghaidh go han-scioptha. Ach tá pleananna iarrtha agam ar chomhairlí contae ar fud na tíre agus go dtí go dtiocfaidh siadsan isteach, ní féidir liom aon rud a dhéanamh faoi na scéimeanna seo. Tuigeann na comhairlí contae é sin agus tuigimse go bhfuil brúnna orthu i láthair na huaire. Tá mo Roinnse i gcónaí ag lorg bealaí le dlús a chur le pleananna a fháil isteach do rudaí ar nós cé Mhachaire Rabhartaigh, a bhfuil fíorphráinn leo.

An dtuigeann an tAire Stáit cé chomh tábhachtach is atá sé go ndéanfaí rud éigin anseo ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta, fiú. Níl na hiascairí ná éinne eile in ann úsáid a bhaint as an gcé seo an chuid is mó den bhliain cheal foscaidh agus cé ceart. Tá pobal mór ar an mórthír agus ar na hoileáin ag brath air agus tá sé scanalach go bhfuil an fhadhb ag dul ar aghaidh le níos mó ná deich mbliana.

Cuireadh in iúl don chomhairle contae chomh luath is a gheofar na pleananna, go mbreathnófar iad. Ní féidir le haon chomhairle contae ach a admháil gur pléadh gach plean a cuireadh ar aghaidh maidir le saoráidí calaíochta ó tháinig mise isteach sa Roinn agus gur ceadaíodh an t-airgead dá réir. Níos túisce i mbliana bhíomar ag caint ar Árainnmhór agus níorbh fhada go raibh an plean againn uathu gur ceadaíodh an t-airgead agus beidh leath den obair sin déanta roimh dheireadh na bliana.

Ba bhreá an rud céanna a dhéanamh i Machaire Rabhartaigh agus tuigim nach bhfuil an cé sábháilte ansin agus nach mbíonn snámh ann cuid mhaith den am. Ach caithfidh mé fanacht ar an bplean. Níl an acmhainn ag an Roinn na pleananna a réiteach agus táimid ag brath ar an comhairlí áitiúla chun é sin a dhéanamh.

An rachaidh an tAire Stáit chun cainte leis an gcomhairle contae chun brú a chur orthu rud a dhéanamh.

Tá an chomhairle contae sin tar éis a bheith an-cuiditheach ag cur pleananna ar fáil agus táimid go leanúnach i dteagmháil leo ag iarraidh pleananna uathu. De bhrí go dtuigim go bhfuil an Teachta an-dáiríre faoi seo iarrfaidh mé ar oifigigh mo Roinne dul i dteagmháil arís leis an gcomhairle contae agus a rá leo gur mhaith liom go dtiocfadh na pleananna chugham le go bhféadfaí airgead a cheadú do Mhachaire Rabhartaigh. Is fíorGhaeltacht é, tá sé ag freastal ar na hoileáin, tá na hiascairí ag brath air agus glacaim leis go bhfuil práinn leis an obair seo. Tá súil agam go mbeidh an plean agam go luath agus nach mbeidh ar an Teachta an cheist a chur síos don triú huair.

Top
Share