Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Oct 1999

Vol. 508 No. 5

Written Answers. - Company Location.

Gerry Reynolds

Question:

32 D'fhiafraigh Mr. G. Reynolds den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén cinneadh atá déanta faoi lonnú an chomhlachta Mhalaeisiaigh (sonraí tugtha) ar an gClochán Liath i dTír Chonaill; agus an ndéanfaidh sé raiteas ina thaobh. [19146/99]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 316 den 16 Feabhra 1999 uaidh. Ceadaíodh an tionscadal seo sa bhliain 1997. Is gnó d'Údarás na Gaeltachta agus do na príomhaithe an togra a chur i bhfeidhm. Tuigtear dom gur chuir an ghéarchéim gnó agus airgeadais in Oirdheisceart na hÁise moill ar chúrsaí go dtí tús na bliana seo, go bhfuil céimeanna tábhachtacha glactha ó shin chun an gnó a thosú, go bhfuil an togra á phlé go gníomhach idir na príomhaithe agus an tÚdarás faoi láthair agus go bhfuil i gceist dul ar aghaidh leis an ngnó a bhunú mar a bhí beartaithe ó thús.

Top
Share