Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 7 Oct 1999

Vol. 508 No. 5

Written Answers. - Cláir Fhorbartha Náisiúnta.

Proinsias De Rossa

Question:

56 D'fhiafraigh Proinsias De Rossa den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén plean straitéiseach atá ag Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt sa Ghaeltacht sa tréimhse 2000-2006; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19138/99]

Glacaim leis gur i gcomhthéacs an Chláir Fhorbartha Náisiúnta do chuspóirí Eorpacha atá an tréimhse 2000-06 luaite ag an Teachta. Níl straitéis foilsithe go fóill ag an Údarás ina ndírítear go sonrach ar an tréimhse sin. Tugann an tÚdarás cur síos soiléir ina Thuarascálacha Bliantúla, atá ar fáil i Leabharlann an Oireach tais, ar a chur chuige agus a straitéis i leith caomhnú agus leathadh na Gaeilge sa Ghaeltacht.

Tá críoch á cur ag an Údarás ar Ráiteas Straitéise don tréimhse 1999-2001 mar chuid den Tionscnamh um Bhainistíocht Straitéiseach san Earnáil Phoiblí. Cuimseoidh an Ráiteas sin an Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Ar ndóigh tá cuid mhaith de na scéimeanna maidir le cur chun cinn na Gaeilge san Gaeltacht faoi chútam na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán sa díreach.

Top
Share