Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Oct 1999

Vol. 509 No. 5

Written Answers. - Deontas Tithiochta.

Enda Kenny

Question:

143 D'fhiafraigh Mr. Kenny den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán chun a fhiafraí den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé i gceist go n-íocfaí deontas tithíochta le hiarrthóir atá sa Ghaeltacht (sonraí tugtha) agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith.

De réir thaifid mo Roinne níl aon iarratas reatha ón duine sin ar chúnamh faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Tá iarratas ar dheontas feabhsúcháin ó dhuine leis an sloinne agus an seoladh atá luaite ach le hainm baiste eile á scrúdú ag mo Roinnse faoi láthair. Cuirfear an cinneadh a dhéanfar sa chás in iúl don iarratasóir sin a luaithe is féidir.

Top
Share