Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Oct 1999

Vol. 509 No. 5

Written Answers. - Tionscail agus Fostaíocht Gaeltachta.

Dinny McGinley

Question:

147 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon iarrachtaí á ndéanamh le tionscail agus fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht Láir i nDún na nGall.

Dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 180 ar 14 Deireadh Fómhair 1998, ar Cheist Uimh. 135 ar 18 Meitheamh 1998 ar Cheist Uimh. 114 ar 4 Feabhra 1998 maidir leis an ábhar céanna.

Tuigtear dom go bhfuil an túdarás ag obair go dícheallach i gcónaí chun tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil sa cheantar. Chomh maith le tograí a ceadaíodh agus atá i bhfeidhm, agus cinn eile atá á bplé, tá beartaithe ag an údarás ionad fiontar thart ar 400 méadar cearnach a thógáil i mBaile na Finne, agus suíomh nua tionsclaíoch a cheannach in Éadan Fhionn Fraoich.

Mar thoradh ar na hiarrachtaí ar fad tháinig méadú ar an bhfostaíocht lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ón údarás idir 1997 agus 1998 agus tá súil ag an túdarás go leanfaidh an feabhas sin.

Top
Share