Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Oct 1999

Vol. 509 No. 5

Written Answers. - Teilifís na Gaeilge.

Dinny McGinley

Question:

148 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an eol di nach bhfuil fáil ar TG4 i gCill Charthaigh agus an bhfuil aon socruithe beartaithe chun an scéal a chur ina cheart.

Baineann an cheist atá ardaithe ag an Teachta le gnáth-fhreagrachtaí Údarás RTE agus níl aon fheidhmh reachtúil agam sa chás.

Mar sin féin, tá mé sásta, i gcomhréir le sean-chleachtais, eolas atá faighte agam ó RTE, mar fhreagra ar cheisteanna sonracha a cuireadh orthu in ndáil le feabhas a chur ar an bhfáil atá ar sheirbhísí chraolacháin náisiúnta RTE, a chur ar fáil don Teach.

Dheimhnigh RTE nach bhfuil fáil fós ar TG4 i gCill Charthaigh. Deir RTE go dtosnófar an próiseas le haghaidh ionad oiriúnach a fháil faoi cheann dhá míosa nó mar sin. Más rud é go bhfaighfear ionad oiriúnach, braithfear soláthar TG4 ar dheonú cead pleanála.

Top
Share