Is dóigh gurb é an freagra simplí a d'fhéadfainn a thabhairt inniu, go bhfuil mé sásta teacht ar chomhréiteach idir moladh an Teachta Uí Shé, cúig bliana maximum agus moladh an Teachta Uí Chionnaith, sé bliana, agus tiocfaimid ar chúig bliana go leith agus, ar ndóigh, sin atá ann. Tá mé ag éisteacht leis an dá thaobh agus tá mé tagtha ar an rud go raibh mé ar chomh-mheá faoi an t-am ar fad. Níl mórán faidhbe agam leis na cúig bliana ach go bhfágann an cúig bliana go leith beagáinín solúbachta má theastaíonn ó dhaoine amach anseo dul ar ais go dtí amanna éagsúla gan dul ag ceithre bliana, ceithre bliana go leith nó ceithre bliana agus trí cheathrú. Ach má théimid go sé bliana bheimis beagnach sé bliana go dtí an bhliain chuile uair as seo amach. Feicim contúirt ag baint leis sin.
Maidir leis an am den bhliain is mó spéise, ó bhí an coiste ann cheana bhí mé ag éisteacht agus ag comhrá le daoine. Ainneoin an rud a deirtear, agus seo barúil atá agamsa le fada an lá, is maith le daoine toghcháin. B'fhéidir nach vótáilfidh siad ach is maith leo muide a fheiceáil ag rith thart ar fud na tíre. Is maith leo iad ar an gcaoi chéanna gur maith leo cluichí peile ar an teilifís mar is píosa spóirt atá ann dóibh. Cothaíonn toghcháin spéis sa pholaitíocht. Is dearmad mór a rinneamar, mar shampla, nár chuireamar uilig eadrainn féin na toghcháin áitiúla ar siúl go rialta. Tarraingíonn sin droch-cháil ar an bpolaitíocht i gcoitinne.
Maidir leis an am den bhliain is feiliúnaí, dar liomsa agus seasaim leis seo, is fearr an gheimhreadh ná an samhradh ó thaobh an phobail de. Tá níos mó seans acu a bheith ag breathnú ar theilifís, a bheith ag éisteacht le raidio agus a bheith páirteach ann ar an mbealach sin. B'fhéidir nach bhfeileann sé do lucht na canbhasála ach ní raibh mé riamh d'uireasa daoine i rith an gheimhridh ag canbhasáil. Tá chuile dhuine crúógach sa samhradh san áit a bhfuil mise. Caithfidh siad i bhfad níos mó íobairtí a dhéanamh le dul ag canbhasáil sa samhradh seachas sa gheimhreadh. Tá siad níos saoire sna tráthnóntaí fada dorcha. Tá chuile áit éagsúil ach sin é mo thaithíse.
Dá gcuirfimis siar é fós thosódh an feachtas an tseachtain seo. Tosóidh an feachtas toghchánaíochta an lá a shíneoidh an tUachtarán an Bille seo muna dtosóidh sé roimhe sin. An dteastaíonn feachtas mí go leith nó sé mhí? Is fearr do chuile dhuine, agus na hiarrthóirí san áireamh, go mbeadh an toghchán ann go luath seachas i bhfad uainn. Ach tá mé ag díriú m'intinn ar cheist an pobal a thabhairt amach. Tá mé an-tógtha leis an smaoineamh go mbeidh an toghchán seo as féin, gur toghchán do phobal na Gaeltachta a bheas anseo. Ba mhaith liom go mbeadh spéis ag pobal na tíre i gcoitinne ann agus go dtabharfadh na meáin i gcoitinne clúdach dó ach leis an rud atá feicthe le cúpla seachtain ní chuirfinn aon airgead air. Ag deireadh an lae is é an rud atá tábhachtach sa chás áirithe seo ná go mbeadh aird an phobail air. Agus leis an ionadaíocht bhreise atá i gceist anseo beidh aird an phobail ar an dtoghchán seo agus tá súil agam go mbeidh coimhlint ghéar ann ar nós na cluichí peile agus na cluichí iománaíochta is fearr dá mbíonn ann agus nuair a bheidh sé thart go gcroitheadh chuile dhuine láimh le chéile. Ní drochrud ar bith é coimhlint toghchánaíochta a bheith ann agus creidim leis an méadú i líon na n-iarrthóirí go dtarlóidh sé sin.
Chomh maith leis sin, mar a thuar Raidio na Gaeltachta i ngeall ar rudaí a dúirt mise ag cruinnithe an lá faoi dheireadh, tá mé ag breathnú ar an lá den tseachtain is fearr a d'fheilfeadh do mhuintir na Gaeltachta. Níl mé ceangailte le rud ar bith a tharla roimhe seo. Teastaíonn uaim a chinntiú go mbeidh an oiread deise ag muintir na Gaeltachta vótáil agus na daoine óga go mór mhór. Tá go leor de na daoine óga sa Ghaeltacht ag freastal ar choláistí tríú leibhéal ar fud na tíre. Teastaíonn uaim go mbeadh deis acu dul abhaile. Mar a chéile muintir Mhuigheo, na Gaillimhe agus na contaethe eile. Mar sin, tá mé oscailte don tuairim go mbeadh an toghchán lá eile seachas lá seachtaine, go mbeadh sé ag deireadh seachtaine agus ar an Satharn.
Má thugann sé sin deis don phobal – agus is lá saoire é sin do bhunáite an phobail agus níl aon leithscéal ann – bíodh sin mar atá. Ba mhaith liom go mbeadh sé iontuigthe nach bhfuil mé ag iarraidh rud ar bith a dhéanamh a stopfadh an pobal ó theacht amach. Creidim go dtiocfaidh siad ach sílim féin ó thaobh chuile dhuine go mb'fhearr dul ar aghaidh leis. Teastaíonn ón bpobal go dtiocfaimis ar aghaidh leis seo – agus ag deireadh an lae is don phobal é seo – agus ní mhaithfidh dúinn é má chuirfimid siar é. Níl mé ag tabhairt neamhaird ar dhaoine ach tá mé ag tabhairt aird ar an rud atá mise ag cloisteáil ó ghnáthphobal ar an talamh. Teastaíonn uaim dul ar aghaidh leis a luaithe is a bheidh an Bille seo rite.
Níl i gceist agam, mar sin, glacadh le ceachtar den dá leasú. Ba mhaith liom go dtuigfí go bhfuil mé ag tógaint an rud fad-téarmach san áireamh.