Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 20 Oct 1999

Vol. 509 No. 5

Written Answers. - Stoic Éisc.

36. D'fhiafraigh

d'Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha an bhfuil a fhios aige go mbíonn iascairí a bhíonn ag brath ar Mhuir Éireann díomhaoin go minic na laethanta seo de bharr easpa stoic san fharraige agus chun tús a chur le caomhnú na n-iasc; an gcuirfidh sé cosc ar ghníomhaíocht na dtrálaer dhá rige i Muir Éireann láithreach; agus an spreagfaidh sé iascairí chun tabhairt faoi fhiontar eile atá gaolta le hiascaireacht idir an dá linn. [20728/99]

Táim ar chomhaigne leis an dTeachta maidir le saothrú na stoc tábhachtach iasc bán sa Mhuir Mheann. Saothraíodh na stoic trosc agus faoitíní go mór i dtús na nóchaidí agus molann na saineolaithe gur ghá iad do neartú.

Bhí laghdú i marú na dtrosc san Mhuir Mheann ins na blianta ó 1995 go dtí 1997 mar go raibh níos lú iascaireachta ar siúil, in éineacht le hísliú cuóta na dtrosc, an éileamh mór ar chloicheáin agus an breis fáil ar chadóga.

Tá go leor fáthanna leis an meath i stoc na dtrosc agus na bhfaoitíní le deich mbliana anuas. Ina measc áirítear; – leibhéal ard na bhfo-ghabhála de héisc óga ins na hiascaireachtaí le haghaidh gnéithe measctha agus le haghaidh cloicheán; an toiread iasc a chaitear i leataoibh; iascaireacht chladaigh i gceanntair a bheathaítear na héisc óga; agus tráiléireacht leath-pheileagach le haghaidh trosc ag cabhlaigh áirithe. Cé go n-úsái deann formhór de chabhlach cósta an oirthir agus cuid de chabhlach na Sé Chontaetha dé-rigeáil ní léir gurbh é sin an chúis is tabhachtaí le meath stoic na dtrosc agus na bhfaoitíní.

Tá Bord Iascaigh Mhara agus Foras na Mara, ar iarratas uaimse, ag reachtáil ceardlanna comhairleacha le hiascairí fan an chósta chun an beart nua de ghníomhartha caomhnaithe, a chuirfear i bhfeidhm ón 1ú lá d'Eanáir na bliana 2000, do phlé agus chun gníomhartha caomhnaithe sa bhreis do aithint, gníomhartha go bhféadfaí do chur chun chinn le tacaíocht ó thionscal na niasc. Reachtáileadh ceardlanna dos na hiascairí ar an gClochair, Contae Lú, agus i mBeann Éadair le linn Lúnasa agus Meán Fomhair. Tuigim nár mholadh cosc iomlán ar dhé-rigeáil. Tá BIM ag críochnú a dtuaraisc ar na ceardlanna agus léireoidh siad imlíne de raon gníomhartha caomhnaithe go bhféadfaí do chur chun chinn, cé acu ag leibhéal náisiunta nó ag leibhéal na hEorpa de, le tacaíocht lucht an tionscail. Déanfaidh mé staidéar freisin ar an gcomhairle eolaíoch is déanaí i leith na stoc seo roimh Comhairle na nIascaireachtaí um Nollaig agus coimeádfaidh mé imní an Teachta in aigne dom agus sin ar siúil agam.

Top
Share