Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Thursday, 4 Nov 1999

Vol. 510 No. 2

Written Answers. - Fostaíocht Áitiúla.

Mary Coughlan

Question:

123 D'fhiafraigh Ms Coughlan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é atá beartaithe aici a dhéanamh chun a bheith cinnte go bhfostóidh comhlacht (sonraí tugtha) oibrithe áitiúla; an bhfuil sí sásta go bhfuil úinéirí an chomhlachta ag feidhmiú de réir an chonartha dhleathaigh le hÚdarás na Gaeltachta [22059/99]

Is gnó d'Údarás na Gaeltachta féin go príomha na socruithe faoi cibé comhaontuithe atá idir é féin agus an comhlacht a rialú agus a chomhlíonadh. Tuigtear dom ón Údarás, áfach go bhfuil feidhmeannaigh de chuid an Údarás í dteagmháil leis an gcomhlacht le tamall ag iarraidh go dtiocfar ar réiteach ar fhadbanna foirne agus fostaíochta sa mhonarcha; go bhfuil méadú tagtha arís ar líon na ndaoine áitiúla atá fostaithe sa mhonarcha; agus nach féidir a rá, go dtí go mbeidh na comhráite críochnaithe agus an toradh níos soiléire, an mbeidh céimeanna eile le glacadh ag an Údarás.

Top
Share