Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don phinsean baintrí agus do na breiseanna i gcás páistí a chuireann an Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh ar fáil. Bíonn an pinsean seo áiríthe mar ioncaim ó thaobh cúrsaí cánach de, faoi mar atá formhór na n-íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile. Áirítear agus áiríodh i gcónaí breiseanna i gcás páistí leis an phinsean baintrí mar ioncaim an tuismitheora agus mar sin bíonn sé san áireamh ó thaobh cúrsaí cánach de. Mar sin féin, braitheann an méid cánach a thiocfaidh i gceist i gcás áirithe ar bith ar an mhéid ioncaim eile a bheidh ag baintreach sa bhliain chánach céanna. Mura mbíonn aon ioncaim breise ann is féidir a bheith ag súil go gcinnteoidh na teorainneacha díolúine agus na liúntais nach mbeidh cáin ar bith le híoc ar an ioncaim leasa shóisialaigh féin. Is prionsabal ginearálta cánach é, go náirítear ioncaim ó gach foinse ó thaobh cúrsaí cánach de agus glacaimse leis mar sin nár chóir na híocaíochtaí a bhfuil tagairt déanta ag an Teachta dóibh a bheith difriúil ó ioncaim de chinéal ar bith eile.
Cé go bhfuil an prionsabal ginearálta maidir le cáin a ghearradh ar ioncaim ó gach foinse leagtha síos agam anseo, tá mé sásta stáid airgeadais na mbaintreach tuismitheora a aithint. Beidh a fhios ag an Teachta go n-aithníonn an cód cánach na toscaí speisialta a bhaineann le bhaintreacha tuismitheora agus go gcuirtear liúntais fhlaithiúla pearsanta ar fáil dá réir. Beidh cuimhne ag an Teachta chomh maith gur chuir mé méadaithe an-suntasach ar fáil i mo chéad cháinaisnéis maidir leis an liúntas báis do bhaintreacha tuismitheora.