Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 10 Nov 1999

Vol. 510 No. 4

Written Answers. - Infrastructúir Poiblí.

Trevor Sargent

Question:

37 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Airgeadais cén dearcadh atá aige ar mholtaí atá foilsithe i dtuarascáil an fhómhair, 1999, ón mBanc Ceannais a deir gur fiú táillí a chur ar áiseanna infrastructúir chun brú tráchta agus truailliú a laghdú; conas a bheidh sé ag gníomhú dá réir; agus cathain a thosóidh sé. [20383/99]

B'iad tuairimí Bhainc Cheannais na hÉireann ar tháilli úsáid mar atá siad leagtha síos in a chuntas An Fhómhair, naoi déag nócha a naoi, ná:

"A better balance between the availability and usage of public infrastructure would also seem to require more extensive resort to the price mechanism. It may be necessary to consider more explicit charges for users of facilities in the transportation and utilities areas. This might take into account factors such as congestion and pollution that are typically not paid for by users of these facilities at present. It would aid economic efficiency, while helping to Iimit the pressure on scarce infrastructure."
Sé seo ceann de roinnt tuairiscí atá tar éis táillí ar chúis thimpeallachta, agus cúiseanna eile, a mholadh. De réir mar a dhéanaimid iarracht tabhairt faoi fadhbanna caolas infrastructúir san eacnamaoícht, tárlóigh an cheist seo níos minicí ins na todhchaí.
Cheana féin, tá táilli úsáidte le fáil i roinnt cásanna. I gcás bóithre tá táillí páirceála ann chomh maith le táillí ar na droichid East Link agus West Link i mBaile Átha Cliath. I gcás seirbhísí uisce, gearrtar táillí ar úsáideoirí nach de lucht teaghlaigh iad, agus tá córas nua á cheapadh chun táillí a ghearradh ar usáideoirí den chineál seo, i gcomhairle le daoine a bhfuil spéis acu ins an scéal seo. Chomh maith tá táillí le haghaidh seirbhísí bruscar in roinnt áiteanna.
Scrúdóidh an Rialtas na ceisteanna a bheidh le plé i ngach cás, de réir mar a moltar táillí úsáideoirí in gcásanna eile. D'fhéadfadh sé go mbeadh rogha idir an t-infrastructúr nua a íoc as cánachas ghinearálta, nó ó tháillí a ghearrtar ar úsaideóirí nó ó dhaoine a bhainfidh leas as an infheistíocht seo. Sé buntáiste táillí díreacha ná go bhfeabhsaíonn siad éifeachtacht úsáide agus spreagann siad usáid tíosach, le maitheas don eacnamaíocht agus don timpeallacht. Caithfear na h-impleachtaí sóisialta, eacnamaíochta agus timpeallachta a chur san áireamh nuair atá cinneadh á dhéanamh ar na nithe seo.
Tá modh Comhpháirtíocht Phoiblí Phríobháideach (CPP) roghnaithe ag an Rialtas ar bhonn píolótach. Leagfear an béim, i dtús báire, ar scéimeanna eacnamaíochta infrastructúir leis na príomhaidhmeanna chun luacháil mhaith a bhaint as an infheistíocht agus tosaíocht na scéimeanna ag leibhéal náisiúnta. I gcásanna áirithe, is féidir go mbeidh sé oiriúnach an infheistíocht a aisíoc ó tháillí ar úsáideoirí an infrastructúir, ag cur san áireamh buntréithe agus cuspóirí an tionscnaimh agus an príomhchuspóir luach fad-téarmach airgeadais a bhaint amach as an gcaiteachas.
Top
Share