Dearbhaíonn an t-eolas is deireanaí ón "Database" Naisiúnta do Mhícumas Intinne go bhfuil soláthar breise an-suntasach d'acmhainní ag teastáil sna seirbhísí do dhaoine le míchumas intinne chun go mbeimid in ann na riachtanaisí atá leagtha síos don ghrúpa seo don phobal a riar.
Is eol dom na figiúiri atá luaite ag an Teachta maidir leis na seirbhísí seo. Bhuail mé inné leis na hionadaithe náisiúnta de na príomheagraíochtaí deonacha atá ag soláthar seirbhísí agus le tuismitheoirí is clanna de dhaoine le míchumas intinne a léirigh a gcuid imní dom agus an gá atá ann le méadú airgeadais don chlár forbartha sna seirbhísí seo.
Chuir mé in iúl dóibh an tábhacht a thugaim d'fhorbairt leanúnach na seirbhísí agus an leibhéal acmhainní breise mar fhianaise di, £53m go dtí deire na bliana 1999 ag méadú chuig £59m i 2000 atá curtha ar fáil agam ó mo cheapachán mar Aire Sláinte agus Leanaí.