Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 23 Nov 1999

Vol. 511 No. 3

Written Answers. - Sláinte Mic Léinn.

Trevor Sargent

Question:

403 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil eolas aige ar thaighde ó Ollscoil Luimnigh (sonraí tugtha) a deireann go gcuireann easpa gníomhaíochta fisiciúla isteach ar shláinte 40% de leanaí na tíre seo ar aois cúig go dtí a deich; cén ról a bhíonn aige áiseanna súgartha a sholáthar; agus an é féin atá freagrach as forbairt leanaí i gcoitinne. [24578/99]

Is feasach dom conclúidí an staidéir a rinne an Dochtúir Watson maidir le haclaíocht leanaí na tíre seo. Mar is eol don Teachta, is iad na tuistí ar an gcéad dul síos atá freagrach as sláinte a leanaí féin. Is orthu siúd a thiteann an cúram ar an gcéad ásc féachaint chuige go nglacann a bpáistí páirt i ngníomhaíochtaí fisiciúla mar chuid dá gcaitheamh aimsire. Mar Aire Oideachais agus Eolaíochta, is é an cúram atá ormsa ina leith seo ná clár feiliúnach sa chorpoideachas a chur ar fáil do scoileanna agus cabhrú le scoileanna pé acmhainní atá ag teastáil lena mhúineadh a sholáthar.

Mar chuid den churaclam bunscoile leasaithe, tá clár nua sa chorpoideachas curtha ar fáil agam do gach uile mhúinteoir bunscoile sa tír. Tá dhá leabhrán i gceist anseo, Ráiteas Curaclaim ina bhfuil aidhmeanna agus cuspóirí an chláir leagtha síos agus Treoirlínte do Mhúinteoirí. Tá sé molta go gcaithfí ar a laighead uair a chloig in aghaidh na seachtaine ag múineadh an ábhair. Ceann de phríomhaidhmeanna an chorpoideachais sa chlár leasaithe is ea: "taitneamh agus dearcadh deimhneach i leith gníomhaíochta coirp, agus mar a chuidíonn sí le corpacmhainn na sláinte ar bhonn saoil, a chothú mar ullmhú an pháiste do thráthanna scíthe a chaitheamh go gníomhach agus go fóinteach". Cuirfear cúrsaí oiliúna ar fáil d'oidí ar theagasc an chláir leasaithe sna blianta atá romhainn. Tá scéim i bhfeidhm cheana trína n-íoctar deontais d'údaráis scoileanna chun cabhrú leo i gceannach fearais agus ábhair theagaisc an chorpoideachais.
Top
Share