Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 Dec 1999

Vol. 512 No. 1

Written Answers. - Fóirne Scoile.

Trevor Sargent

Question:

110 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta cé mhéad múinteoirí bunscoile a bhí ar sos gairme le linn 1998-99, 1997-98 agus 1996-97; cé mhéad múinteoirí bunscoile a bhí ar iasacht óna bpostanna sa Roinn nó san Oireachtas, cuir i gcás, le linn na mblianta céanna; an bhfuil sé sásta go mbíonn dóthain oidí cáilithe breise ann chun na bearnaí seo sna seomraí ranga a líonadh; agus, mura bhfuil, cad atá á dhéanamh aige faoi. [25169/99]

Tá an t-eolas a lorg an Teachta tugtha sa tábla leis seo.

Bliain

Lion múinteoiríar Iasacht

Líon múinteoiríar Shos Gairme.

1996/97

130

856

1997/98

136

850

1998/99

175

814

Ón uair a ceapadh mé bhí imní orm go raibh pearsanra neamhoilte ag obair sa chóras bunscolaíochta. Ba mhaith liom an deis seo a ghlacadh chun a chur i gcuimhne don Teachta go bhfuil réimse beart tugtha isteach agam chun an soláthar bunmhúinteoirí oilte a mhéadú go suntasach. Tógadh míle agus fiche is a hocht bunmhúinteoir faoi oiliúint isteach sna coláistí oideachais sa seisiún 1998-99 agus meastar go nglacfar le míle bunmhúinteoir faoi oiliúint sa bhliain acadúil 1999-2000.
Idir na blianta acadúla 1999 agus 2000 beidh iomlán de 1,380 múinteoir nua-oilte ar tí a gcuid a gcáilíochtaí a fháil ó na coláistí oideachais. Áirítear ansin 180 duine a gheobhaidh a gcuid cáilíocht roimh dheireadh na scoilbhliana reatha. Is ionann e sin agus méadú mór i líon na gcéimithe oilte i gcomparáid le 1995 nuair a bhain 291 duine cáilíochtaí amach.
Cuireann sé áthas orm a chur in iúl don Teachta go bhfuil roinnt tionscnamh eile ceadaithe agam chun an líon pearsanra neamhoilte a laghdú. Aithnítear anois mar chéimithe láncháilithe céimithe B.Ed ó St. Mary's College, Béal Feirste, a bhfuil staidéar déanta acu ar an nGaeilge mar ábhar dá gcáilíocht mhúinteoireachta go leibhéal onóracha.
Ó mhí Meán Fómhair 1998 i leith íoctar gach duine a bhfuil bunchéim acu agus a bhfuil ard-dioplóma san oideachas acu mar mhúinteoirí ionadaíocha lánoilte.
Aithnítear freisin múinteoirí atá oilte mar mhúinteoirí Montessori agus a chríochnaigh, go rathúil, an cúrsa trí bliana i St. Nicholas, Dún Laoghaire agus an AMI atá aitheanta ag Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oireachais mar mhúinteoirí ionadaíocha lánoilte.
Tá an cinneadh a thóg mé aitheantas iomlán a thabhairt do mhúinteoirí lánoilte a fuair a gcuid oiliúna lasmuigh den Stát chun gur féidir leo múineadh i gcatagóirí áirithe scoileanna agus ran ganna gan cáilíocht sa Ghaeilge a bheith riachtanach ag cuidiú le soláthar bunmhúinteoirí oilte a chur ar fáil.
Táim muiníneach go laghdóidh na bearta sin líon an múinteoirí neamhoilte go suntasach.
Top
Share