Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 1 Dec 1999

Vol. 512 No. 1

Written Answers. - Ionaid Eolaíochta.

Trevor Sargent

Question:

218 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Oideachais agus Eolaíochta an gcuirfidh sé ar bun líonra de ionaid eolaíochta i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán mar atá molta ag Comhalirle Eolaíochta, Teicneolaíochta agus Nuálaíochta na hÉireann. [25561/99]

Níl aon phlean agam ag an bpoinnte seo tabhairt faoi bhunú líonra ionaid eolaíochta ar fud na tíre mar atá molta. Tharla go luaitear dhá aireacht sa mholadh seo, bheadh ar an mbeirt Aire dul i gcomhairle ar dtús. Ar ndóigh, tá an earnáil phríobháideach tar éis dul i mbun na hoibre seo – Ionad Eolaíochta Bhiorra mar shampla – agus b'fhéidir gurb é seo an bealach is fearr le dul i mbun na hoibre.

Top
Share