Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 Dec 1999

Vol. 512 No. 7

Written Answers. - Fostaíocht Gaeltachta.

Mary Coughlan

Question:

201 D'fhiafraigh Ms Coughlan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na hiarrachtaí atáthar a dhéanamh chun fostaíocht a chur ar fáil i gceantar Chill Charthaigh, Contae Dhún na nGall agus, go háirithe, siúd a chaill a gcuid fostaíochta sa cheantar le cúpla bliain anuas. [27234/99]

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta go mbíonn iarrachtaí leanúnacha ar bun acu d'fhonn deiseanna fostaíochta a aimsiú do cheantar Chill Charthaigh agus do Ghaeltacht Iardheisceart Dhún na nGall trí chéile;de bharr cúlú in earnálacha traidisiúnta ach go háirithe, go bhfuil titim i bhfostaíocht áirithe sa cheantar le tamall ach go bhfuil fostaíocht nua á cruthú i gnóthaí eile ag an am céanna; go bhfuil céimeanna éagsúla á nglacadh idir tograí de chinéalacha nua-aimseartha a lorg agus tograí bunaithe ar acmhainní nádúrtha a chur chun cinn. Gurb é an ceann is suntaisí ná togra próiseála éisc a cheadaigh an tÚdarás i mí na Samhna 1999. Go bhfuil dóchas ann go gcruthófar suas le 64 phost sa togra seo agus é faoi lánseol. Go bhfuil i gceist spás oibre a bhí in úsáid mar mhonarcha fíodóireachta cheana a athchóiriú agus a thabhairt suas go caighdeán réamh-mhonarchan le linn na bliana 2000 ionas gur féidir togra a mhealladh chuige. Idir seo agus iarrachtaí eile atá idir lámha, go bhfuil súil ag an Údarás le feabhas mór sna blianta romhainn; agus cé gur ag bainistíocht gach gnó ar leith atá an cinneadh deiridh maidir le post a thairiscint, tá dóchas ann go n-oirfidh na poist a bheidh ar fáil dóibh siúd a chaill a bpoist le cúpla bliain anuas.

Top
Share