Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 15 Dec 1999

Vol. 512 No. 7

Written Answers. - Medicinal Products.

Trevor Sargent

Question:

48 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Sláinte agus Leanaí cén píonós a ghearrfar ar dhuine tar éis 1 Eanáir 2000 a cheannaíonn St John's Wort tríd an bpost nó thar lear de bharr nach bhfuil sé faoi smacht dochtúra i Meiriceá nó san Aontas Eorpach ach amháin in Éirinn. [26689/99]

Ceadaíonn na Riaracháin um Thairgí Iocshláinte (Ceadunú agus Díol), 1998, a dheanann deighleáil leis an riachtanas d'údarás tairgidh, iomportáil de thairgeadh iocshláinte, cosuil le St John's Wort, on taobh amuigh den Chomhphobal Eorpach ag aon duine dá úsáid fein ach amháin i gcás go bhfuil an iomportáil mar thoradh d'fhógra atá dirithe ar an bpobal.

I ngach cás tá na pionóis de bharr briseadh na riaracháin leagtha amach i Rannóg 32(4) den Acht um Bord Leigheasra na hÉireann, 1995.

I gcás iomportála ó bhallstáit eile den chumann Eorpach ní bheadh aon phionós ar dhuine a dheanfadh tairgeadh iocshláinte mar sin a iomportáil dá úsáid/da húsáid pearsanta féin.

Top
Share