Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 26 Jan 2000

Vol. 513 No. 1

Written Answers. - Athchursáil Fuíllábhair.

Trevor Sargent

Question:

122 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil cén plean gearrthéar mach atá aige áiseanna agus modhanna oibre a chur ar fáil d'athchúrsáil ábhair phlaistigh. [1686/00]

Faoin gClár Oibríochta do Sheirbhísí Comhshaoil, 1994-99, ar mhaoinigh an tAontas Eorpach é, chuir mo Roinn cúnamh deontais de thuairim is £8 milliún ar fáil i dtaca le breis agus 70 tionscadal a bhain le soláthar bonneagair athchúrsála, áiseanna do bhailiúchán agus d'athphróiseáil fuíll phlaistigh san áireamh.

Déantar soláthar ginéarálta do thabhairt isteach idirdheighilte i bhfuíollábhar teaghlaigh, agus bailiúcháin scartha na n-ábhar inathchúrsáilte, ina measc plaistigh, sna pleananna áitiúla agus réigiúnacha do bhainistíocht fhuíollábhar atá ag teacht chun foirfeachta. Táim ag súil leis go bhfógróidh na h-údaráis áitiúla forbairtí tábhachtacha ina thaobh seo i mbliana.

Soláthraíonn Repak Teo. seirbhís bailiúcháin in aisce d'fhuíollábhar pacáistíochta a tháirgíonn a bhall-chomhlachtaí go hinmhneánach, agus tá socruithe réitithe acu le haghaidh athphróiséasála fuíollábhar dá leithéid, fuíoll plaistigh san áireamh. Chomh maith leis sin, tá Repak Teo. i mbun oibríocht na scéime aisghabhála scannán feirme ar son Ghrúpa Táirgeoirí Scannán Feirme na hÉireann (IFFPG), agus socraíonn siad athphróiseáil fuíll phlaistigh fheirme.

Tá ráiteas polasaí faoi athchúrsáil fuíollábhair agus aisghabháil fuíollábhair i gcoitinne á ullmhú faoi láthair. Pléifidh sé seo na tosca agus na ceisteanna praiticiúla maidir le cuspóirí agus spriocanna an Rialtais a bhaint amach sa chúrsa seo, agus léireoidh sé imlíne réimse na mbeart breise a chuideoidh leis na húdaráis áitiúla, agus leis an earnáil athchúrsála, feabhsú marthanach a chur i gcrích i dtaobh feidhmithe athchúrsála.

Top
Share