d'Aire na Mara agus Acmhainní Nádúrtha cén saineolas atá ina Roinn chun cabhair a thabhairt do dheisiú tithe solais timpeall an chósta ar nós an tí solais i gcuan Bhaile Brigín atá gan ceann ó 1960 agus a bhí le feiscint sa scannán "Sweetie Barrett" le déanaí. [3731/00]
Written Answers. - Lighthouse Repairs.
Tá cúram reachtúil ar Commissioners of Irish Lights, CIL, tithe solais a thógáil agus a chothabháil thart ar chósta na tíre agus sa bhfarraige agus na hoileáin máguaird, mar chúnamh i gcúrsaí muirthreoireachta. Is faoi údaráis cuan, nó i gcásanna áirithe, údaráis áitúila, áfach, atá cúram tithe solais atá lonnaithe i gcuanta beaga agus nach bhfuil morán tairbhe ó thaobh cúrsaí muirthreoireachta ag baint leo. Is faoi Chalafort Átha Cliath atá cúram an tí solais i mBaile Brigín. Aistríodh an cúram seo ó CIL i 1989.
Is iad loing tráchtála príomh-ghnó Chalafort Átha Cliath. Ós rud é nach n-úsaideann loing tráchtála Cuan Bhaile Brigín, is mian le Calafort Átha Cliath, do réir an Acht Cuanta 1996, an cuan a chur i lámha Chomhairle Chontae Fhine Gall. Aistriú sochmhainní uile an chuain atá i gceist agus tá toiliú an Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil á lorg chun é seo a chur i gcrích.